Rith 16 daltaí ar son na scoile ag an gcomórtas trastíre in Ollscoil na Cathrach, Glas Naíon, le déanaí. Bhí cailíní ó Bhliain 2 agus buachaillí ó Bhliain 2, Bliain 3 agus Bliain 4 ag glacadh páirte. Ba é an chéad chomórtas don bhliain úr agus d'ullmhaigh sé na daltaí don chéad comórtas tras-tíre eile, a bhí ar súil i bPáirc an Fhionnuisce, Dé hAoine 26 Eánair.
Míle buíochas le Múinteoir Marcus agus Múinteoir Rónán Mac Giolla Mheána as ucht an dul chun cinn ar fad atá déanta acu leis an lúthchleasaíocht i mbliana.