Coláiste Ghlór na Mara

Dalta na Bliana 2026

21-Bealtaine-26
Dalta na Bliana 2026

Craic agus spraoi ag searmanas "Dalta na Bliana" 2026

“Ní neart go cur le chéile” – agus is cinnte gur léirigh pobal Coláiste Ghlór na Mara an seanfhocal sin arís i rith an téarma seo. Cé gur téarma gairid a bhí ann, bhí sé ar cheann de na tréimhsí ba ghnóthaí agus ba rathúla den bhliain ar fad. Tá muid thar a bheith bródúil as díogras, fuinneamh agus tallann ár ndaltaí, chomh maith leis an bpobal scoile ar fad a tháinig le chéile chun bliain oideachais den chéad scoth a chruthú. Ó éachtaí sa seomra ranga go buaiteoirí ar an bpáirc imeartha, ón stáitse go dtí taisteal thar lear, bhí neart le ceiliúradh againn ag searmanas speisialta Dalta na Bliana 2026.

Tar éis na Cásca, bhí ríméad orainn tacaíocht a thabhairt dár mbanna ceoil traidisiúnta, Neart, agus iad ag glacadh páirte sa chraobh náisiúnta de Siansa le Gael Linn. Bhí siad in iomaíocht leis na ceoltóirí óga ba chumasaí sa tír agus ba mhór an phribhléid dúinn éisteacht leo sa Cheoláras Náisiúnta agus ar na meáin bheo. “Mol an óige agus tiocfaidh sí” – agus tá todhchaí gheal roimh an ngrúpa cumasach seo gan dabht.

Bhí taisteal agus eachtraíocht go mór chun tosaigh i mbliana, freisin. Ghlac daltaí na hIdirbhliana turas dochreidte chuig Tuaisceart na hIodáile, áit ar thug siad cuairt ar Venice, Loch Garda, Sirmione agus Milan, chomh maith le lá lán spraoi i nGardaland. Ní dhéanfaidh siad dearmad go deo ar an tiramisu, an gelato, an píotsa ná an pasta!

Bhí turas den chéad scoth ag daltaí na Dara Bliana siar go Conamara chomh maith. D’fhan siad le teaghlaigh áitiúla agus thug siad aghaidh ar Inis Oírr, áit ar bhain siad taitneamh as cultúr agus teanga na Gaeltachta i suíomh nádúrtha álainn. Bhí sé iontach ár ndaltaí a chloisteáil ag úsáid a gcuid Gaeilge go líofa agus go muiníneach. Míle buíochas le Múinteoir Rónán as an turas speisialta seo a eagrú.

Bhí an Rang Erasmus+ thar a bheith gnóthach chomh maith agus iad ag cur fáilte roimh ár gcairde ón Ostair agus ón bPortaingéil go hÉirinn. I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl, thug siad cuairt ar Bhaile Átha Cliath, na Sléibhte Chill Mhantáin, Clochán an Aifir, Béal Feirste, Carlainn, Binn Éidir agus Oileán Mhic Neasáin. Bhí cairdeas, cultúr agus comhroinnt taithí i gcroílár na seachtaine.

Ní raibh deireadh leis na deiseanna idirnáisiúnta ansin ach an oiread. Míle buíochas le Aodhán Ó Ríordáin a rinne urraíocht ar thuras rang tíreolaíochta B5 chuig Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil. Bhí deis ag na daltaí iniúchadh a dhéanamh ar chultúir éagsúla na Beilge agus léargas níos fearr a fháil ar obair an Aontais.

Ar an bpáirc imeartha, chuaigh foireann pheile chailíní Fé 14 ó neart go neart agus bhuaigh siad craobh Laighean i mbliana. Bhí lúcháir agus mórtas orainn fáilte laochra a chur rompu ar ais ar scoil tar éis an bhua iontaigh seo. Míle buíochas le Múinteoirí Sinéad agus Aoife as an obair agus an tacaíocht a thug siad don fhoireann i gcaitheamh na bliana.

Bhí éachtaí móra eile sa spórt freisin. Ghlac líon mór daltaí páirt i gcomórtas lúthchleasaíochta i Seantraibh agus rinne siad ionadaíocht den scoth don scoil. Tháinig roinnt acu abhaile le boinn agus éachtaí pearsanta iontacha. Comhghairdeachas speisialta le Nessa Ní Dhonnchadha, Bliain 3, a bhuaigh bonn airgid sa léim chuaille i gcomórtas Laighean ina dhiaidh sin.

Bhí an Ghaeilge agus cultúir faoi bhláth sa phobal chomh maith. Ghlac daltaí na Chéad Bhliana páirt i mbliots camógaíochta agus iomána á eagrú ag Cumann Uí Dhuibhir. Bhí sé go hálainn ár ndaltaí a fheiceáil mar ambasadóirí teanga agus iad ag roinnt cúpla focal Gaeilge le scoileanna eile sa cheantar.

I rith Mhí Feasachta an Uathachais, bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh ár gcairde ó Choláiste Ard Giolláin go Rang Lir. Ghlac na daltaí páirt i réimse gníomhaíochtaí spraíúla le chéile agus bhí spiorad cairdis agus cuimsitheachta le brath i rith an lae. Míle buíochas le Foireann Lir as an imeacht álainn seo a eagrú.

Bhí an Fhraincis agus an cultúr Francach á gceiliúradh freisin nuair a thug daltaí na Fraincise cuairt ar an Irish Film Institute chun féachaint ar L’histoire de Souleymane, scannán cumhachtach Fraincise. Ina dhiaidh sin, bhain gach duine taitneamh as béile álainn i Chez Max. Míle buíochas le Múinteoir Kiana as an lá speisialta sin a chur le chéile.

Idir an dá linn, bhí boladh álainn le fáil sna pasáistí agus na scrúduithe praiticiúla ar siúl. D’oibrigh cócairí óga na scoile go dian dícheallach chun béilí den scoth a ullmhú dá scrúduithe stáit agus ba léir an obair agus an cleachtadh a cuireadh isteach sna miasa blasta. Míle buíochas le Múinteoirí Andrea agus Kayleigh as na daltaí a ullmhú chomh maith sin.

Bhí áthas orainn freisin fáilte a chur roimh an aoichainteoir Amanda McGuinness ó Little Puddins agus Flourish Autism chuig an scoil chun léargas luachmhar a thabhairt dúinn ar an néara-éagsúlacht agus ar thábhacht na tuisceana agus na cuimsitheachta.

Ag deireadh an téarma, bhí seachtain álainn ag Bliain 6 agus iad ag rá slán lena laethanta i CGNM. I measc na n-imeachtaí a bhí acu bhí banna mariachi, snámh sna Scéirí agus bricfeasta blasta i dTí Jeaic. “Tús maith leath na hoibre” – agus tá muid cinnte go bhfuil todhchaí gheal rompu agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chaibidil eile dá saol, tar éis a n-aistir a thosú linn i gColáiste Ghlór na Mara.

Guíonn muid samhradh sona suaimhneach ar ár bpobal scoile ar fad agus gabhann muid buíochas ó chroí le gach duine a chuidigh leis an téarma iontach seo a dhéanamh chomh speisialta sin.

Míle buíochas le Múinteoir Grace Ní Mhuirithe a d'eagraigh ócáid álainn againn ar scoil chun an bhliain a chéiliúradh, agus lenár n-aoichainteoir , Cúán de Búrca, a labhair linn faoi na deiseanna ar fad a bhíonn ar fáil do Ghaeilgeoirí sna meáin.

Buaiteoirí Dalta na Bliana:

Bliain 1

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Na Fianna

Ruzgar Harford,

Lana Ní Cholmáin

Pippa Nic Raighne

Eryn Ramsaigh

Pippa Nic Raighne

Craobh Rua

Saoirse Nic Einrí

Charlie Ó Coistealbha

MJ Ó Cearrulláin

Cara Ní Cheallaigh

Charlie Ó Coistealbha

Dé Danann

Liam Mac Beinéid

Éirinn Ní Chionnaith

Cormac ó Ceallaigh

Jack ó hIoruaidh

Jack ó hIoruaidh

Hy-Brasíl

Ruaidhrí Ó Dufaigh

Saoirse Nic Giolla Dhuibh

Jessica Nic Sandair

Josh Mac Donnchadh

Josh Mac Donnchadh

Bliain 2

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Lugh

Amelia Nic Dhómhnaill

Cathal Mac Giobúin

Alexis Nic Giolla Dhuibh

Amelia Nic Dhómhnaill

Ailill

Molly de Paor

Daniel Ó Muireagáin

Sophie Ní Shabhaois

Molly de Paor

Cú Roí

Nathan Ó Ciardha

Ben Ó Briain

Emma Ní Aodha

Emma Ní Aodha

Bliain 3

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Connla

Logan Ní Chonbhuí

Ella Ní Bheoláin

Sadhbh Ní Chuinn

Sadhbh Ní Chuinn

Banba

Ava-Mae Nic Giolla Geimhridh

Michael Ó Raghallaigh

Aoibheann Seadhach

Síle Nic Críosta

Síle Nic Críosta

Ériú

Olivia Ní Chróinín

Shane Ó Conaill

Caragh Ní Ardagáin

Shane Ó Conaill

Fódhla

Harry Ó Máirtín

Órlaith Ní Riain

Caoimhe Ní Chonchúir

Emily Nic Amhalaí

Órlaith Ní Riain

An Idirbhliain

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Teamhair

Cillian Ó Muirí

Gracie Ní Mhaonaigh

Isabelle Fingleton

Gracie Ní Mhaonaigh

Danú

Grace Ní Longáin

Daniel Minto

Ellie Nic Chormaic

Grace Ní Longáin

Gailbhia

Evie Knopfler

Ruairí Ó Cathail

Isabelle Ní Fhearghail

Ruairí Ó Cathail

Bliain 5

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Cú Chulainn

Ben Ó hEochaidh

Cianán Coiléir

Emma Ní Mhainnín

Ben Ó hEochaidh

Boirimhe

Ben Ó Muirí

Ciannait Ní Leathlobhair

Liam Ó Faoláin-Daltún

Liam Ó Faoláin-Daltún

Oscar

Reece Ó Corráin

Aoife Nic Uilín

Aoife Ní Riain

Aoife Ní Riain

Bliain 6

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Connacht

Grace Ní hUiteacháin

Seán Ó Loingsigh

Emma Stiobhard

Seán Ó Loingsigh

Laighean

Aoife Ní Odhráin

Eoin Ó Domhnaill

Sam Ó Cléirigh

Aoife Ní Odhráin

Mumhan

Daniel Dreznjak

Michael Ó Cathail

Katie Ní Eathrín

Katie Ní Eathrín

Aitheantas Speisialta:

Bliain

Dalta

Aitheantas

4

Aoife Nic Ghiolla Dhuibh

D'imir sí ar fhoireann chamógaíochta Bhaile Átha Cliath

1

Aisling Ní Mhuircheartaigh

Bhuaigh sí comórtas leadóige le déanaí

3 agus 2

Nessa Ní Dhonnchadha agus Daire Ó Croinín

Bua agus 2ú ait i dtaisceart Laighin, fríd go dtí Laighin sa lúthchleasaíocht

3

Tallulah Nic Aodha

Ag imirt le Droichead Átha Aontaithe

3

Lucy Ní Eachthigheirn

Rugbaí

3

Chloe Ní Ghrádaigh

Clodagh Cinnsealach

Finn Ó hAilpín

Scoláireacht chun na Gaelachta tríd club óige 'feachtas'

3

Poppy Nic Dhómhnaill

Bhuaigh sí craobh Átha Cliath faoi/19 lena foireann Bhadmantan

3

Órlaith Ní Riain

Poppy Nic Dhómhnaill

Chris Pyne

Alana Brennock

Clodagh Cinsealach

Cinnirí do Spleodar

6

Xylan Ó Lionáin

Imreoir Fichille na Bliana

1/2/5

Saoirse Ní Leathlobhair

Edith Ní Leathlobhair

Bryan Mac Giolla Phádraig

Ciannait Ní Leathlobhair

Sarah Ní Aodha

Aoibheann Nic Chonchra

Ruaidhrí Ó Dufaigh

Fleadh Cheoil Átha Cliath

Dara háit san amhránaíocht 12-15

Céad áit san fhidil, drumaí céilí agus banna ceoil + 2ú háit Consairtín + 3ú háit Grúpa ceoil

Céad áit san fheadóg mhór 12-15 + dara háit banna céilí

Chéad áit san fhidil faoi 18 + Banna Céilí

Chéad áit - Rince Ceoil Céilí Ceathrair Mná

Fleadh Cheoil na Mí

Chéad áit - Fidil (15-18)

Dara háit - Feadóg Mhór (12-15)

5

Noya Ní Dhubhda

Bhuaigh a healaín spás i dtaispeántas 'On the Altar of the Arts 2026' i mBaile Brigín

6

Laoise Ní Mhuircheartaigh (BÁ̧C Míonúir 2025 + 2026)

Holly Ní Ruairc (BÁ̧C Míonúir 2025)

Luca Cailloce (Sacair F19 Éire)

D'imir siad dá gcontae (míonúr nó níos sine)/ tír srl. ina spóirt féin

2/3/4

Foireann iománaíochta

1)Conall Ó Gradaigh Ó Caollaí

2)Fíach Ó Gradaigh Ó Caollaí

3)Jayden Mac Eachmharchaigh

4)Pádraic Mac Uilliam

5)Fionn Ó Longáin

6)Alex Mac Eachmharcaigh

7)Tomás Ó Leathlobhair

8)Caiden Mac Aoidh

9)Eoghan Mac Cába

10)Shane Ó Conaill

11)Senan Ó Dúill

12)Cáthal Ó Meiscil

13)Ruairí Ó Cáthail

14)Danny Ó Seanacháin

15)Luke Ó hEachthigheirn

16)Oisín Ó Ruiséil

17)Jake Ó Faighen

18)Mossy Ó hAllúin

19)Dylan Ó Lórcáin

20)Connor Ó Lorcáin

21)Darragh Ó Dúill

22)Harry Mac Seáin

23)Lennox Mac Mathúna Ó hAoláin

24)Tadhg Mac Einrí

Bhuaigh siad an chomórtas iomanaíochta Fé 16 i mbliana

1/2

Foireann peile F14 cailíní

Arianna Ní Mhurchú

Emma Ní Aodha

Saoirse Baier

Pippa Nic Raighne

Saoirse Ní Odhráin

Órlaith Nic Siúrtáin

Méabh Ní Dhonnchadha

Doireann Coiléir

Holly Nic Amhalaí

Jessica Nic Sandair

Saoirse Nic Giolla Dhuibh

Saoirse Nic Einrí

Lily Ní Choistealbha

Grace Ní Eachthigheirn

Molly Ní Fhionnagáin

Hanna Breathnach

Annie Ní Aimheirgín

Scarlett Ní Aodha

Aoibhín Ní Dhonnchú

Clodagh Nic Eoin

Cara Ní Cheallaigh

Róisín Ní Mheiscill

Lana Ní Chólmáin

Shona Ní Riain

Saoirse Ní Nualláin

Isabelle de Tiúit

Aileen Ní Chonghaile

Sophie Ní Choileáin

Éirinn Nic Cionaoith

Jessica Nic Shiacais

Saorlaith Nic Ghiobúin

Aoife Ní Bhailintín

Daisy Nic An tSaoir

Caoilinn Ní Fháthartha

Aifric Ní Mhathúna

Caoilinn Ní Raifeartaigh

Bobbie Nic Eachmharcaigh

Nessa Ní Dhonnchadha

Boinn

Tinreamh Scoile 2025-2026:

Bliain 1

Marybeth Nuinseann + Daniel Ó hIcí

Bliain 2

Amelia Nic Dhómhnaill + Sophie Ní Shabhaois

Bliain 3

Chloe Nic Ghrádaigh + Emily Ní Bhroin

Bliain 4

Mia Nic Dhómhnaill + Evie Knopfler

Bliain 5

Cianán Coiléir

Bliain 6

Eoin Ó Dómhnaill, Katie Ní Eathrín + Daniel Dreznjak

Gradaim na Bliana:

Gradam

Ainmnithe

Buaiteoir

RéaltaSpóirt

Aoife Nic Ghiolla Dhuibh

Saoirse Nic Ghiolla Dhuibh

Alanna Ní Lochlainn

Saoirse Nic Einrí

Bobbie Nic Eachmharcaigh

Darragh Mac Ghiolla Dhuibh

Elliot Ó Donnchadh

Daniel Dreznjak

Fiach Ó Grádaigh Ó Caollaí

Jayden Mac Eachmharcaigh

Conall Ó Grádaigh Ó Caollaí

Alanna Ní Lochlainn

Jayden Mac Eachmharcaigh

Daltaacadúilna Bliana

Emma Stiobhaird

Amber Nic Stiofáin

Daniel Dreznjak

Alfie Ó Máirtín

Ella Ní Raghallaigh

Tadhg Ó Cionnaith

Liam Ó Domhnaill

Sadhbh Nic Gabhann

Conall Ó Raghallaigh

Aileen Ní Ailpín

Éirinn Ní Cionnaith

Ava Leroy

Sophie Ní Shabhaois

Sadhbh Nic Gabhann

Gradam Cultúrthana bliana

Saoirse Ní Leathlobhair

Bryan Mac Ghiolla Phádraig

Amber Nic Stiofáin

Ciannait Ní Leathlobhair

Noah Mac Stiofáin

Aoibheann Ní Chonchra

Edie Ní Leathlobhair

Ciannait Ní Leathlobhair

Taighde agus Foghlaim Neamhspleách san Eolaíocht

Conall Ó Raghallaigh

Gaeilgeoirna bliana

Oisín Ó Ruiséil

Aisling Ní Mhuircheartaigh

Aifric Ní Mhathúna

Ben Ó hEochaidh

Sarah Ní Aodha

Cianán Coiléir

Andrew Ó Conaill

Emma Ní Mhainnín

Caitlin Ní Ghiobúin

Cormac Ó Ceallaigh

Molly de Paor

Andrew Ó Conaill

Oisín Ó Ruiséil

Spioradan choláiste

MJ Ó Cearrulláin

Sadhbh Butterly

Daniel Ó hIcí

Lucy Grimson

Matthew Ó Cochláin

Shannon Ní Bhroin

Annie Nic an Fhailí

Daniel O hIcí

Daltanabliana

Saoirse Nic Einrí

Jack ó hIoruaidh

Amber Nic Stiofáin

Aoibhín Butterly

Chloe Knopfler

Liam Ó Domhnaill

Laoise Ní Mhuircheartaigh

Grace Ní Dhufaigh

Clodagh Nic Eoin

Laoise Ní Mhuircheartaigh

Aitheantas do na Scrúduithe Stáit:

TorthaíSSis airde

Charlotte Ní Taoiling

Éamonn Ó Cléirigh

Iar-scoláire acadúil

Lillyann Ní Sheibhleáin

Andrew Minto

Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026Dalta na Bliana 2026
No events found
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara