Coláiste Ghlór na Mara

Dalta na Bliana 2022

20-Bealtaine-22
Dalta na Bliana 2022

Múinteoir Katie le Cinnire Gaeilge na Scoile 2022-2023 Sorcha

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar na himeachtaí agus éachtaí iontacha a baineadh amach le linn an téarma deireanaigh, bhí searmanas álainn againn ar scoil inné. Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh Mhéara Fhine Gall, Seána Ó Rodaigh, a bhí mar aoi speisialta agus a labhair lenár ndaltaí agus a mhol iad as ucht a gcuid iarrachtaí leis an gcultúr agus teanga Ghaelach a chur chun cinn ach go háirithe.

Chuala muid ceol binn ó Chathal Mac Conchra ar an mbodhrán, Clara Nic Siomóin ar an veidhlín agus George Division, an banna ceoil is mó ag teacht amach as Coláiste Ghlór na Mara i láthair na huaire!

Rinne ár nArdchinnirí Ryan Ó hAilpín agus Erinn Gunnery an-jab agus iad mar fhear agus mar bhean an tí don ócáid.

Bhí ríméid orainn fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí ó Guimerães sa Phortaingéil, freisin, a bhí inár dteannta. Ar ndóigh, ba mhaith linn ár gcéad míle buíochas a ghabháil le Múinteoir Katie, Múinteoir Ciara agus Múinteoir Tadhg as ucht an ullmhúcháin go léir. Bhí an lá dochreidte agus an-speisialta ar fad.

Bhí ceardlann ag cailíní na chéad bliana le Carla Rowe, imreoir Bhaile Átha Cliath, mar chuid de chlár Lidl Ireland “Serious Support”. D'fhoghlaim siad neart uaithi maidir le hobair foirne, spriocanna a leagan amach agus scileanna peile. Is spreagadh millteach í do na cailíní chomh maith le múinteoir Sinéad agus Emer a d'imir ar son a gContae. Tá muid muiníneach go mbeidh roinnt cailíní i mbun traenála agus imeartha ar son a gcontae amach seo mar gheall ar thionchar na mban seo. Duine amháin atá againn cheana féin ná Niamh Nic Chríosta (Rang Cú Chulainn) atá ag imirt d'fhoireann Chontae Lú faoi 14.

Leis sin, agus Bliain 1 fós á plé againn, ghlac Clara Nic Síomóin (Rang Oscar) páirt i bhFeis Ceoil na hÉireann agus bhain sí an 4ú áit amach sa veidhlín, an dara háit sa fhliúit, agus dara háit sa fhliúit Shasanach. Ghlac Lorcan Tapley páirt sa World Shotokan Karate Federation (WSKF); craobhchomórtais náisiúnta agus bhain sé bonn óir amach sa Kata sinsear (crios donn agus dubh).

Tá na measúnaithe rangbhunaithe anois curtha ina ndiaidh don bhliain seo ag na daltaí i mBliain 2 agus iad i mbun staidéir do na scrúduithe samhraidh. Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a ghabháil le Laoise Ní Mhuircheartaigh atá i mbun staidéir i nGrenada sa Spáinn, faoi láthair, ag baint líofachta amach sa Spáinnis. Tá ag éirí go hiontach léi.

Thaitin turas iontach chun na Gaeltachta le Bliain 2 le déanaí in éineacht le Bliain 4. D’fhan siad in Indreabhán i gConamara ach thaitin turas thar na dtonnta go mór leo go hInis Oírr.

Idir scrúduithe cócaireachta san Eacnamaíocht Bhaile agus scrúduithe praiticiúla sa Cheol, bhí muintir na tríú bliana thar a bheith gnóthach arís an téarma seo. Ach d'éirigh thar barr leo agus táimid an-mórálach astu go léir! Fuaireadar amach go mbeidh siad ag dul go Barcelona an bhliain seo chugainn mar thuras Idirbhliana agus tá siad ag súil go mór leis sin agus na himeachtaí eile a bheidh ar siúl acu. Guímid gach rath orthu sna Scrúduithe Stáit atá ag druidim linn, tá a fhios againn go n-éireoidh go geall leo!

Téarma an-ghnóthach agus sceitimíneach a bhí ann don Idirbhliain, ar ndóigh. Idir thurais scoile chun na Gearmáine, chun na Gaeltachta agus neart imeachtaí eile, bhí eispéiris den chéad scoth acu sna seachtainí deireanacha den Idirbhliain. Anuas ar na turais scoile, rinne B4 cúrsa rámhaíochta sa chathair. Chuireamar fáilte Uí Cheallaigh, freisin, roimh ár gcairde ón bPoirtaingéil don tionscnamh Erasmus+. Tá an grúpa Éireannach sa scoil ag obair lena gcairde ón bPortaingéil faoi láthair ar a dtionscnamh; ‘Turasóireacht Chósta agus Fostaíocht Inbhuanaithe’. Ní féidir lenár ngrúpa daltaí féin ó B4 fanacht go dtí go mbeidh an deis taistil acu arís chun na Portaingéile ag deireadh na scoilbhliana seo!

Bhain B4 ina n-iomlán taitneamh as ár gceoldráma ‘Na Commitments’ a chur le chéile i mbliana agus táimid ag súil go mór leis an scannán a taifeadadh go proifisiúnta a fheiceáil an tseachtain seo chugainn. Fágfaidh muid slán le daltaí B4 do laethanta saoire an tSamhraidh ar an gCéadaoin seo chugainn i ndiaidh ceiliúradh Bhronnadh na hIdirbhliana!

Bhí téarma deireanach gearr agus gnóthach ag bliain 5. Gan trácht ar an turas iontach scoile chun na Gearmáine, bhí roinnt daltaí ag dul faoi agallaimh chinnireachta, roinnt ag críochnú tionscnaimh áirithe agus roinnt eile ag baint amach cúrsa SAFEPASS. Feicfidh tú liosta na gCinnirí nua thíos.

Guíonn muid gach sonas ar B6 agus a lá deireanach scoile acu linn inniu. Tá muinín iomlán againn iontu go n-éireoidh go hiontach leo sa todhchaí agus tá muid ag súil go mór le haitheantas speisialta a thabhairt dóibh ag Gradam na Séú Bliana an Luan seo chugainn.

Bhain Coláiste Ghlór na Mara éachtaí dochreidte amach sa spórt an téarma seo, freisin. Fuair ár mbuachaillí sacair faoi 15 an bua in aghaidh an Bhóthair Bhuí, Grange CC, Gaelcholáiste Reachrann agus Coláiste Raithín go dtí seo. Beidh an Craobh Laighin á imirt acu an Mháirt seo chugainn in aghaidh Coláiste Pobail Killinarden. Guíonn muid gach rath orthu!

Bhuaigh ár n-imreoirí iománaíochta B1 an Craobh Laighin in aghaidh Gaelcholáiste Ceatharlach. Bhí pobal uile na scoile dochreidte bródúil astu agus tugadh ardmholadh dóibh nuair a tháinig siad ar ais ar scoil le pobal uile na scoile ar a gcosa idir gheataí agus príomhdhoras na scoile. Comhghairdeachas ollmhór leis na himreoirí agus lena gcóitseálaithe Múinteoir Macdara agus Múinteoir John.

Leis sin, bhuaigh ár n-imreoirí iománaíochta B2 Craobh Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite i gcoinne Coláiste Pobail Ard Giolláin. Níl stop ar bith leo agus tá todhchaí na hiománaíochta sa scoil seo ag breathnú fíorgheall.

Bhí bua cuimsitheach ag Buachaillí peile B2 sa chraobh an tseachtain seo chaite in aghaidh Firhouse.

D’éirigh le foireann pheile na gcailíní i gcomórtas Tuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Tuaisceart Laighin ach faraor chailleadar le pointe i gcluiche leathcheannais Laighean. Tá muid fíorbhródúil astu agus ag súil go mór le caighdeán iontach imeartha an chéad scoilbhliain eile.

D'éirigh le cailíní na chéad agus na dara bliana 3 bhua as 4 a fháil sa Bhliots Deisceart Átha Cliath i gcoinne St. Rapheala's, Manor House agus Pobailscoil Neasáin. Cháiligh siad don chéad bhabhta eile, Bliots Tuaisceart Laighin. D'éirigh leo bua a fháil sa dá chluiche sa chomórtas sin, i gcoinne Choláiste Naomh Louis, Dún Dealgan agus Coláiste Naomh Peadair, Dún Bóinne. Cháiligh siad don chluiche leathcheannais Laighin i gcoinne Killa, Uíbh Fháilí. Ar deireadh chailleadar an chluiche leathcheannais le pointe amháin.

Bhí áthas agus bród an domhain orainn ár gCinnirí don scoilbhliain 2022-2023 a fhógairt ag an searmanas inné, freisin. Rinne na daltaí seo an-iarracht maidir le hiarratas a scríobh agus ba dhúshlánach an próiseas agallaimh chomh maith. Comhghairdeas leo. Tá an-mhuinín orainn go gcuirfidh siad bród orainn amach anseo mar eiseamláirí do phobal uile na scoile:

Ardchinnirí:

Isabella Ní Mharcacháin Ní Loinsigh & John Ó Maonaigh

Leas-Ardchinnirí:

Katie Ní Aimhirgéin & Cian Ó Ceallacháin

Cinnire Gaeilge - Sorcha Nic Giolla Rua

Cinnire Timpeallachta - Hannah Ní Chathasaigh

Cinnire Ceoil - Conor Ó Dúill

Cinnirí Spóirt - Christian Masún & Katie Nic Oirc

Cinnire Folláine - Aoife Nic Giolla Phádraig

Cinnirí na Céad Bliana:

1. Kelli Ní Chárthaigh

2. Daniel Ó Faircheallaigh

3. Holly Píc

4. Lia Ní Chochláin

5. Sophie Ní Mhantáin

6. Leo Mac Stiofáin

Daltaí na Bliana:

Bliain 1

Rang Boróimhe: Dillon Ó Néill

Cú Chulainn: Ciannait Ní Leathlobhair

Rang Setanta: Liam Mac Cába

Rang Oscar: Dominic Ó Dúfaigh

Bliain 2

Rang Connacht: Eoin Ó Dómhnaill

Rang Mumhan: Holly Ní Ruairc

Rang Uladh: Lilly Nic Mhánais

Rang Laighean: Luca Cailloce

Bliain 3

Rang Dé Danann: Hannah English

Rang Na Fianna: Lillyann Ní Sheilbhleáin

Rang Craobh Rua: Faye Wardell

An Idirbhliain

Rang Ailill: Bobby Mac Siúrtáin

Rang Cú Roí: Collete Ní Mhuircheartaigh

Rang Lugh: Caoilainn Ní Fhoghlú

Bliain 5

Rang Banba: Bláthnat Bhreathnach

Rang Éirú: Holly Píc

Rang Fódhla: Eimear Cinnsealach

Bliain 6

Rang Teamhair: Aisling Lignon

Rang Danú: Áine Wayne

Rang Macha: Dylan Ó Foghlú

Cuireann Coláiste Ghlór na Mara an-luach ar ghradaim áirithe do Shearmanas Dalta na Bliana, ina dtugtar aitheantas speisialta do dhaltaí a lonraigh i rith na bliana de bharr cúrsaí éagsúla a chuireann go mór le spiorad agus éiteas na scoile. Cuireadh fáilte roimh mhuintir na ndaltaí seo a bhí ina n-aoíonna iontais agus na gradaim á mbronnadh againn. Ócáid fíorspeisialta a bhí ann do na daltaí agus dá muintir a raibh bród an domhain orthu. Thosaigh muid traidisiún nua ina dtugtar an gradam amach ó na daltaí a fuair na gradaim chéanna anuraidh. Seo thíos na daltaí a thuill gradaim speisialta Choláiste Ghlór na Mara 2022:

Gaeilgeoir na Bliana 21/22

Sorcha Nic Giolla Rua

Dalta Acadúil na Bliana 21/22

Meadhbh Ní Shúilleabháin

Gradam Cultúrtha na Bliana 21/22

Donnchadh Mac Conchra

Réalta Spóirt na Bliana 21/22

Darragh Mac Giolla Dhuibh

Grace Ní Mhuiris

Spiorad an Choláiste 21/22

Xylan Ó Lionáin

Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022Dalta na Bliana 2022
D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara