Sayid agus Calum ag baint taitnimh as an searmanas
Bhí tús iontach againn leis an scoilbhliain i gColáiste Ghlór na Mara. Fuair muid deis ar scoil inné aitheantas a thabhairt do na daltaí ar fad a sheas amach le linn an téarma seo, ó thaobh rannpháirtíochta agus iarrachta de. Go raibh céad míle maith agaibh, a mhúinteoir Ciara, Dara, Rónán Mac Giolla Mheána agus Kiana a d'eagraigh an ócáid dúinn.
I measc na mbuaicphointí go dtí seo i mbliana, bhí buanna sa pheil, san iománaíocht, sa chamógaíocht agus sa sacar. Ghlac an Idirbhliain turas iontach chomh fada le Gaeltacht Iorrais i Maigh Eo agus tá Bliain 6 fós ag baint taitnimh as turas thar oíche go Cairlinn i gCo. Lú!
D'éirigh le tíreolaithe na hArdteiste 20% dá ngrád a chur i gcrích agus iad i mbun oibre alamuigh ar an trá i gCo. na Mí agus tá siadsan, in éineacht le Bliain 3, i ndiaidh páirt a ghlacadh i gceardlann staidéir a chabhróidh leo ar fad barr a gcumais a bhaint amach sna scrúduithe stáit i mbliana.
Mar phobal, tháinig muid le chéile chun airgead a ardú ar son GOAL agus Hope for Zoe. Leis sin, ghléas muid inár ngeansaithe spóirt is fearr, in aon ghabh amháin!
Chuir muintir na hIdirbhliana bród orainn go léir nuair a bhain siad torthaí dochreidte amach sna scrúduithe deiridh son tSraith Shóisearach, d'oibrigh muid go léir le chéile chun oíche oscailte álainn a chur ar fáil don phobal agus tá dul chun cinn ar siúl againn i gcúrsaí ceoil - le hAoi Ceoil Aoine ar ais ar na meáin agus cleachtadh don 'Draoi Oz' faoi lán-seoil.
Bhí ríméad ar Bhliain 5 nuair a bronnadh teastais orthu bunaithe ar an gcúrsa 'Teastas Eorpach na Gaeilge' a chuir siad i gcrích anuraidh le hOllscoil Mhá Nuad. Bhí na torthaí ar fheabhas. Comhghairdeachas le Laoise Ní Mhuircheartaigh a bhain amach na torthaí is airde sa scoil.
In éineacht leis sin ar fad, bhís seachtain rathúil mhatamaitice againn inar ghlac an scoil páirt i réimse leathan imeachtaí chun ár scileanna mata a fhorbairt, agus thaitin Seachtain Chairdis go mór linn, ceann de na hócáidí bliantúla is deise sa scoil.
Guíonn muid sos suaimhneach agaibh go léir. Oíche Shamhna shona daoibh!
Dalta an Téarma
Craobh Rua: Ryan Soden
Dé Danann: Liam Ó Conchúir
Na Fianna: Mollie Ní Nualláin
Mumhan: Elliot Grimson
Laighean: Aoife Ní Odhráin
Connacht: Keelan Ó Ceallaigh
Cú Chulainn: Dáire Ó Lochlainn
Boirimhe: Aoife Nic Uilín
Oscar: Aoibheann Butterly
Macha: Anna Ní Aogháin
Teamhair: Aobha Ní Riain
Danú: Oliver Bush
Gailbhia: Aoife Nic Giolla Dhuibh
Connla: Seán Keeler
Banba: Clodagh Cinsealach
Éiriú: Tomás Ó Leathlobair
Fódhla: Eoin de Brún-Ó Donnáin
Lugh: Seán Mac an Bhaird
Ailill: Calum Mac Risteaird
Cú Roí: Diarmuid Ó Súilleabháin
Aitheantas Speisialta:
Oisín Ó Ruiséil: Barr feabhais san Iomáiníocht
Christian Mac Cathmhaoil: Ambasadóir Chruinniú na nÓg - Fine Gall
Muireann Ní Chléirigh: Barr feabhais i seinm na ndrumaí
Sophie Ní Shabhaois: Barr feabhais sa ghleacaíocht
Nessa Ní Dhonnachadha: Barr feabhais sa lúthchleasaíocht
Siobhán Nic Cana: Barr feabhais sa pheil
Liam Ó Domhnaill: Ardmholadh idirnáisiúnta sa ghrianghrafadóireacht
Rannpháirtíocht i nDíospóireachtaí Uí Chadhain 2024:
Aisling Rymell
Linda Fuhrmann
Zoe Ní Bhroin
James Ó Cinnéide
Lucy Ní Chinnéide
Sam Ó Coisdealbha
Casey Ní Sheachnasaigh
Daniel Minto
Sam Ó Cléirigh
Laoise Ní Mhuircheartaigh
Cathal Mac Conchra
Xylan Ó Lionnáin
Doireann Ní Mhaonaigh
Aoibheann Butterly
Gaeilgeoirí an Téarma:
Bliain 1:
Molly de Paor
Elliot Ó Donnchadh
Cian Ó Fearghail
Honey Ní Dhúill
Nathan Ó Ciardha
Bliain 2:
Poppy Nic Dhómhnaill
Kate Ní Mhuirí
Ava-Mae Nic Giolla Geimhridh
Jamie Fulham
Eoghan Mac Cába
Bliain 3:
Evie Knopfler
Sam Ó Coistealbha
Ruairí Ó Cathail
Linda Fuhrmann
Cormac Ó Suilleabháin
Róisín Ní Chionnaidh
Bliain 5:
Darragh Cinsealach
Jake Thunder
Doireann Ní Mhaonaigh
Clara Ní Mharcacháin Ní
Loingsigh
Laoise Ní Mhuircheartaigh
Bliain 6:
Lee Fíonnaíl
Cian Ó Cárthaigh
Ciara Nic Giolla Phádraig