Cuairt speisialta ó Dhaidí na Nollag!
Bhí téarma dochreidte eile againn, lán le ceiliúradh, foghlaim, spórt agus comhoibriú pobail, agus is cúis mhór bróid dúinn an méid seo a leanas a roinnt le pobal na scoile.
Cuireadh deireadh leis an téarma le searmanas álainn sa halla spóirt, áit ar ceiliúradh éachtaí ár ndaltaí sa seomra ranga, ar an stáitse, ar an bpáirc imeartha agus lasmuigh den scoil. Ba ócáid speisialta í a léirigh tallann, obair chrua agus spiorad pobail na scoile. Míle buíochas le Múinteoirí Grace Ní Mhuirithe, Kiana, Róisín, Dylan agus Rónán Mac Giolla Mheána as ucht na hócáide álainn seo a eagrú.
Tá saol cultúrtha na scoile faoi bhláth, agus tá an ceoldráma ‘Disco Inferno’ ag dul ó neart go neart. Tá sceitimíní an domhain ar lucht na hIdirbhliana seó beo, lánfhuinnimh a chur ar stáitse don phobal. Tá ticéid ar fáil anois agus moltar do chách tacú leis an léiriú iontach seo.
Le linn míosa na Nollag, bhí síogaí Santaí gnóthach ag dul thart sa scoil agus iad ag bronnadh cánaí Nollag ar dhaltaí agus ar fhoireann na scoile. Chruthaigh sé atmaisféar teolaí, croíúil a thaitin go mór le cách.
Tá an Coiste Gaeilge ag obair go dian chun úsáid agus taitneamh na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil, i gcomhréir le spriocanna Gaeilge 21. Eagraíodh imeachtaí taitneamhacha agus comórtais shaothair, agus bhí cóisirí píotsa ag ranganna buachanna le linn an téarma. Rinne na daltaí obair chruthaitheach den scoth, cosúil le póstaeir a chruthú, portráidí a tharrainft, filíocht a scríobh, gearrscannáin a chumadh agus go leor eile. Míle buíochas le Múinteoirí Honor agus Grace de Búrca as an obair thiomanta atá ar bun acu leis an togra seo.
Léirigh ár ndaltaí flaithiúlacht agus comhbhá freisin nuair a bhailigh Múinteoir Amy, i dteannta daltaí na Chéad Bhliana, boscaí bróig le bronntanais áille do pháistí faoi mhíbhuntáiste mar chuid den togra ‘Bosca Bróig’, á réiteach ag Team Hope.
Ó thaobh cúrsaí acadúla de, tá an-bhród orainn as Alex Ní Shaltaire (Ardteist 2025) agus Jamie de Sutún (Ardteist 2022), ar a bronnadh scoláireachtaí orthu ó Institiúd Oideachais Marino agus iad ag cur tús lena gcúrsaí sa bhunmhúinteoireacht.
Ar an bpáirc imeartha, bhí téarma an-láidir againn. Rinne foireann chispheile faoi 16, faoi stiúradh an Mhúinteora Pierce, dul chun cinn iontach agus shroich siad cluiche ceannais i mBaile Átha Cliath tar éis sraith bhuanna den scoth. Cé nach raibh an lá leo an uair seo, níl aon dabht ach go mbeidh lá eile ag an bPaorach.
Tá foireann iománaíochta faoi 16 ag déanamh go hiontach faoi láthair agus bhain siad bua tábhachtach amach sa chluiche leathcheannais. Míle buíochas le Múinteoirí Cillian Ó N agus Rónán Ó B as an obair dhíograiseach atá ar bun acu leis an bhfoireann. D’éirigh go hiontach leis na himreoirí sacair le linn an téarma seo, freisin, faoi stiúradh na Múinteoirí Philip agus Ashling. Bhí lá mór speisialta ag daltaí na Chéad Bhliana nuair a d’imir siad a gcéad chluichí peile riamh ar son na scoile. Míle buíochas le Múinteoirí Dylan agus Rónán Mac as an tacaíocht agus an spreagadh a thug siad dóibh. Chun deireadh a chur le téarma lán le haclaíocht agus gluaiseacht, thug eMovement.ie cuairt orainn le déanaí agus thug siad deis dár ndaltaí triail a bhaint as segways – bhí spraoi agus sceitimíní ar fud na scoile.
Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, bhí deis luachmhar ag Clodagh Cinseallach, Eoin Réamoinn agus Ciarán Ó Maoilmhichil nuair a d’fhreastail siad, in éineacht le Foróige, ar dhíospóireacht i nDáil Éirinn maidir leis an aois vótála a ísliú go 16 bliana. D’fhreastal Comhairle na nDaltaí ar an gcéad chomhdháil bhliantúil de chuid an Fhorais Phátrúnachta i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin, áit ar bhuail siad le daltaí ó Bhaile Átha Cliath, Cill Dara, Port Láirge agus Loch Garman. Míle buíochas le Múinteoirí Aoife Nic Chormaic agus Eimear Curtin as aire a thabhairt do na daltaí ar an lá.
Le spreagadh ó Mhúinteoirí Grace de Búrca agus Kiana, ghlac daltaí sinsearacha páirt sa chomórtas Eorpach aistriúcháin ‘Juvenes Translatores’. Rinne na daltaí aistriúcháin idir an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis agus an Spáinnis, agus tá muid ag súil go mór le fógairt na dtorthaí amach anseo.
Bhain ranganna tíreolaíochta na Cúigiú Bliana taitneamh as lá dochreidte allamuigh i nGleann Dá Loch le Múinteoirí Róisín agus Cian. Dhreap siad an Spinc ar thuras 9km agus chríochnaigh siad an lá le béile blaste te i mbialann álainn ‘The Wicklow Heather’.
Chuaigh daltaí na hIdirbhliana ar thuras go Béal Feirste, áit ar bhuail siad lenár gcairde i gColáiste Feirste agus ar chaith siad am sna margaí draíochta Nollag. Míle buíochas le Múinteoirí Aoife Nic Conmhaigh, Julie agus Rónán Mac as ucht an turais a eagrú.
Chuireamar fáilte Uí Cheallaigh roimh chairde nua ó Ollscoil Liberec, Phoblacht na Seice; ábhair oidí a bhí ar cuairt chun na hÉireann. Rinne siad breathnóireacht ar ranganna, chaith siad am i Rang Lir agus thug siad cur i láthair ar chultúr na Seice do ranganna Erasmus+ agus Cultúr an Domhain. Tá súil againn leanúint leis an gcaidreamh dearfach seo amach anseo. Mar chuid d’obair leanúnach na scoile ar thograí Erasmus+, thug Múinteoirí Grace de Búrca agus Kiana cuairt ar an gCatalóin, áit ar fhreastail siad ar chomhdháil dhá lá ar mhúineadh agus ar chur chun cinn na mionteangacha. Tháinig siad abhaile lán le smaointe úra, agus tá muid ag tnúth go mór le buaileadh lenár bpáirtnéirí don tionscnamh ‘How Timely’ arís in Éirinn i mí Bealtaine, togra atá á stiúradh ag Ollscoil na Cathrach, Baile Átha Cliath.
Bhí daltaí na hIdirbhliana ag obair go dian freisin ar tháirgí nuálacha a dhearadh agus a dhíol, agus d’éirigh go hiontach lena margadh Nollag. Míle buíochas le Múinteoirí Sinéad agus Dylan as ucht an tionscnaimh seo a eagrú.
Chuaigh rang Fisice na Séú Bliana ar chuairt chuig Ollscoil na Gaillimhe chun turgnaimh fhisice a chur i gcrích mar chuid dá gcúrsa Ardteistiméireachta. Bhí lá den scoth acu san iarthar, agus míle buíochas le Múinteoir Alice as an turas a eagrú.
Is léir ón méid thuas gur téarma thar a bheith rathúil a bhí againn, agus gabhann muid buíochas ó chroí leis na daltaí, leis an bhfoireann agus leis an bpobal ar fad as an tacaíocht leanúnach.
Buaiteoirí Dalta an Téarma:
Bliain 1
|
Rang
|
Ainmnithe
|
Buaiteoir
|
|
Na Fianna
|
Shona Ní Riain
Allfie Pacelli
Aliya Shalchi
|
Allfie Pacelli
|
|
Craobh Rua
|
Daniel Ó hIcí
Harry Ó Flanagáin
Éabha Ní Bhrucháin
|
Daniel Ó hIcí
|
|
Dé Danann
|
Annie Ní Aimheirgín
Dara de Buitléir
Aodhán Mac Lochlainn
|
Dara de Buitléir
|
|
Hy-Brasíl
|
Oisín Mac an tSionnaigh
Arran Ó Seachnasaigh
Aoife Ní Bhailintín
|
Arran Ó Seachnasaigh
|
Bliain 2
|
Rang
|
Ainmnithe
|
Buaiteoir
|
|
Cú-Roí
|
Emma Ní Aodha
Alex Ó Fearghaíl
Nathan Ó Ciardha
|
Alex Ó Fearghail
|
|
Lugh
|
Alexa Ní Fhoghlú
Liam Ó Broin
Fionn Réamoinn
|
Fionn Réamoinn
|
|
Ailill
|
Ava Leroy
Sophie Ní Shabhaois
Reece Ó Clochartaigh
|
Reece Ó Clochartaigh
|
Bliain 3
|
Rang
|
Ainmnithe
|
Buaiteoir
|
|
Connla
|
Clara Jancenko Watson
Cara Nic Cearáin
Sadhbh Nic Gabhann
|
Sadhbh Nic Ghabhann
|
|
Banba
|
Michael Ó Raghallaigh
Laura Ní Fhiacháin
Chris Pyne
|
Chris Pyne
|
|
Ériú
|
Hayden Ó Planda
Samuel Ó Fearghail
Kate Ní Mhuirí
|
Hayden Ó Planda
|
|
Fódhla
|
Caoimhe Ní Chonchúir
Harry Ó Máirtín
Emily Nic Amhalaí
|
Caoimhe Ní Chonchúir
|
Bliain 4
|
Rang
|
Ainmnithe
|
Buaiteoir
|
|
Dánú
|
Daniel Minto
Caoilfhionn Nic Shuibhne
Ellie Nic Chormaic
|
Caoilfhionn Nic Shuibhne
|
|
Gailbhia
|
Evie Knopfler
Luke Ó Flanagáin
Ruairí Ó Cathail
|
Evie KnopflerLo
|
|
Teamhair
|
Aoibheann Ní Chonchra
Lennon Ó Murchú
Gracie Ní Mhaoinigh
|
Gracie Ní Mhaonaigh
|
Bliain 5
|
Rang
|
Ainmnithe
|
Buaiteoir
|
|
Bóirimhe
|
Lorcan Tapley
Cian Ó Crualaoich
Emily English
|
Lorcan Tapley
|
|
Cú Chulainn
|
Emma Ní Mhainnín
Shannon Ní Bhroin
Eoin Réamoinn
|
Shannon Ní Bhroin
|
|
Oscar
|
Aoife Ní Riain
Aaron Ó Giobúin
Áine Ní Ógáin
|
Áine Ní Ogáin
|
Bliain 6
|
Rang
|
Ainmnithe
|
Buaiteoir
|
|
Mumhan
|
Aroha Pyne
Emma Ní Nualláin
Poppy Ní Shiordáin
|
Aroha Pyne
|
|
Connacht
|
Grace Ní hUiteacháin
Keelan Ó Ceallaigh
Dean Ó hÉillí
|
Grace Ní hUiteacháin
|
|
Laighean
|
Sam Ó Cléirigh
Sophia Seymour
Cathal Ó Sé
|
Sam Ó Cléirigh
|
Aitheantais Speisialta
|
Dalta
|
Aitheantas
|
|
Alfie Ó Máirtín
|
Bhuaigh sé boinn ór i gCraobhchomórtas Taekwondo na hÉireann
|
|
Arran Ó Seachnasaigh
|
Tá sé tar éis éacht a bhaint amach in Taekwando le déanaí agus tá sé ar an mbealach le crois gorm a fháil
|
|
Bobbie Nic Eachmharcaigh
|
Tá Bobbie mar bhaill den phaineál de fhoireann BÁC fé 14 do 2026.
|
|
Saoirse Baier
|
Bhuaigh Saoirse agus an fhoireann pheile an cluiche ceannais le déanaí. Bhí Saoirse ainmnithe mar an t-imreoir is mó feabhais.
Anuas air sin bhí sí mar leaschaptaen ar an bhfoireann chamógaíochta freisin agus bhí sí roghnaithe ag an bhfoireann mar imreoir na bliana.
|
|
Pippa Ní Raighne
|
Tá Pippa tar éis léig chamógaíochta agus léig pheile a bhuachaint le déanaí lena foireann, Cumann Uí Dhuibhir, agus tá sí ag obair go dian don ról atá aici sa dráma Robin Hood i nDroicheád Átha.
|
|
Jake Ó Faighean
|
Bhuaigh sé craobh faoi 14 le Naomh Maur
|
|
David Ó Donnagáin
|
Bainn sé barr feabhais amach san iomáint agus sa cheol
|
|
Lennox Mac Mathúna Ó hAoláin
|
D’imir sé go hiontach san iomáint an téarma seo le foireann na Sceirí
|
|
Óisín Ó Rúiséil
|
Bhuaigh sé cluiche ceannais coirn faoi 14 le Cláirseacha na Scéirí
|
|
Daire Ó Cróinín
|
Bhuaigh sé bonn óir le foireann trastíre BÁC
|
|
Diarmuid Ó Suilleabháin
|
Bhain sé barr feabhais amach sa pheil Ghaelach an téarma seo
|
|
Méabh Ní Dhonnchadha
|
Ghlac Méabh páirt i gcomórtas damhsa i bPáras lena grúpa damhsa
|
|
Sadhbh Ní Chuinn
|
Bhí sí mar chaptaen ar fhoireann pheile faoi 14 Bhaile Gáire
|
|
Lilly Nic Mhánais
|
Bhuaigh sí craobh mionúr Roinn 1 le Fine Ghallainn le déanaí
|
|
Luca Cailloce
|
Ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann agus ag imirt le Shelbourne i Léig na hÓige
|
|
Ceol agus cursaí acadúla
|
|
Ruzgar Harford
|
Barr feabhais sa cheol - bhuaigh sé duais 'Spotlight' ag seinm piano le Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann
|
|
Bryan Mac Ghiolla Phádraig
|
Bhuaigh Bryan agus a ghrúpa ceoil an triú háit i gcomórtas Pléaracha na nÓg Laighean, ar 29ú Samhain.
|
|
Christian Mac Cathmhaoil
|
Barr feabhais sa cheol. Grád 6 bainte amach aige le hAcadamh Ceoil na hÉireann
|
|
Andrew Ó Conaill
|
De bharr na sáriarrachta atá déanta aige sa Ghaeilge an téarma seo
|
|
Conall Ó Raghallaigh
Doireann Ní Mhaonaigh
Emma Stiobhard
Daniel Dreznjak
|
Grád H1 sa Ghaeilge le linn scrúduithe na Nollag/réamhscrúidíní
|
|
Foireann Sacair
|
Foireann sacair na mbuachaillí (Bliain 1) 2024/25
|
|
Róisín Ní Fhaircheallaigh
Laoise Ní Mhuircheartaigh
Emily Ní Chearra
Eoin Réamóinn
Aoibheann Butterly
|
Ghlac siad páirt i gcomórtas aistriúcháin 'Juvenes Translatores'
|
|
Ruzgar Harford
Benjamin Ó Mactíre
Andrew Ó Conaill
Cathal Mac Giobúin
|
Bhí an bua acu sa chomórtas fichille
|
|
Laoise Ó Mhuircheartaigh,
Jack Ó Murchú,
Donncha Ó Buachalla, Saoirse Ní Nualláin,
Aisling Taoiling,
Ciarán Ó Maoilmhicil,
Chloe Knopfler,
Sam Ó Coistealbha, Caoilfhionn Nic Shuibhne,
Conall Ó Raghallaigh,
Lucy Grimson,
Matthew Ó Cochláin,
Poppy Ní Shioradáin
|
Comhairle na nDaltaí
|
Cúrsaí acadúla agus an Ghaeilge
|
Adam Ashmore
Aidan Ó Dúnaigh
Aoife Nic Ghiolla Dhuibh
Aobha Ní Riain
Ashleigh Sabhaois
Béibhinn Ní Dhuill
Ben Ó hEochaidh
Callum Ó Dalachain
Caolfhionn Nic Shuibhne
Ceol Ó Ceallaigh
Cian Mac Gib
Cian Ó Crualaíoch
Conall Ó Grádaigh Ó Caoillaí
Cormac Ó Suilleabháin
Enda Ó Raghallaigh
Etain Ní Dhuill
Grace Ní Longáin
Isablle Fingleton
Jamie Mac Giolla Uidhir
Liam Mac Cába
Líneach Furhmann
Lúcas Ó Baoilainn
Lucy Grimson
Max Mac fhinn
Mia Nic Dhómhnaill
Mikey Ó Murchú
Noya Ní Dhubhda
Oliver Bush
Orán Mac an Mháistir
Poppy Nic Chonchra
Roisin Ní Chionnaidh
Sam Ó Coistealbha
Seán Ó Laocha
Siún Ní Chathasaigh
|
Teastais PISA
|
|
Marybeth Nuinseann (Hy Brasíl)
Alfie Ó Máirtín (Hy Brasíl)
Seán Mac an Bháird (Lugh)
Grace Ní Dhúfaigh (Cú Roí)
Hayden Ó Planda
Olivia Ní Chroínín (Ériú)
Caoilfhionn Nic Shuibhne (Danú)
Ultan Ó Siordán (Danú)
Caitlin Ní Ghobúin (Cú Chulainn)
Cillian Mac Éinrí(Cú Chulainn)
Laoise Ní Mhuircheartaigh (Connacht)
Matthew Ó Cochláin (Laighean)
|
Gaeilgeoirí an Téarma
Buaiteoirí Gaeilge 21
Doirse na Nollag
|
|
An chomórtas saothair
5 aitheantais speisialta
- Liam Ó Broin -Físeán 'dalta scoile i dtrioblóid dáiríre leis na Gardaí'
- Cianán Coiléir, Emma Ní Mhainnín, Max Mac Seáin, Daire Ó Lochlainn, Aoife Fraser, Aoife Nic Uilín - Físeán grinn 'Tá níos mó daoine ábalta Gaeilge a labhairt ná mar a cheaptar'
- Liam Ó Dómhnaill & Enda Ó Raghallaigh - Físeán ag léiriú 'go bhfuil an Gaeilge i ngach áit timpeall orainn'
- Rylee Nic Eochaidh - Físeán 'Ag múineadh Gaeilge dá muintir i suíomh nádúrtha lasmuigh den scoil'
- Ben Ó hEochaidh - Dán faoin 'nGaeilge inár dtimpeallacht'
An Chéad áit
- Noya Ní Dhubha - Píosa Ealaíne d'uachtarán nua na tíre Catherine Connolly
An Dara háit
- Marybeth Nuiseann, Amber Gilford, Daisy Nic an tSaoir,Holly Seale & Isabelle De Tiúit- Dán & Físeán faoin nGaeltacht álainn
0 Bonn dubh = Cú Chulainn, Hy-Brasíl, Dé-Danann
Buaiteoirí Gaeilge-21 – Craobh Rua agus Gailbhia
|