Daidí na Nollag Ross agus a chúntóirí speisialta!
Guíonn Coláiste Ghlór na Mara Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise ar phobal uile na scoile.
Bhí téarma gnóthach agus iontach ag Coláiste Ghlór na Mara. D’oibrigh Bliain 1, 2 agus 5 go crua an tseachtain seo agus iad i mbun scrúduithe tí. Bhí Bliain 3 agus 6 ag leanúint ar aghaidh le ranganna agus rinne Bliain 4 an-dul chun cinn lena gcleachtadh don cheoldráma. Bhí ceiliúradh iontach againn mar scoil ar an tréimhse taitneamhach agus fiúntach ó Oíche Shamhna ar aghaidh ag Searmanas Dalta an Téarma agus tháinig Daidí na Nollag Ross ar cuairt chugainn, freisin! Míle buíochas le Múinteoirí Ciara agus Rónán a d'eagraigh an ócáid speisialta seo. Bhí scoth an cheoil le cloisteáil ó Evan, Bobby, Muintir Uí Chonchra agus Múinteoir Siobhán. Tá sos tuillte ag daltaí agus baill foirne araon anois sula dtugann muid aghaidh ar an gcéad téarma eile.
Le linn an téarma, bhí Bliain 6 gnóthach ag obair ar thionscnaimh Eacnamíochta Baile, Tíreolaíochta, Staidéar Foirgníochta, Teicneolaíochta, Ealaíne, LCPE & Staire. Fuair siad taithí iontach sna réamh-bhréagscrúduithe, freisin. Bhí na cinnirí ag obair go díograiseach mar is gnáth do dhaltaí uile na scoile, ag seiceáil isteach go minic, ag déanamh tae & plé agus ag tabhairt tacaíochta do Bhliain 1 ach go háirithe.
D'imigh gach bliainghrúpa ag scátáil oighir i Sord le linn na míosa seo. Bhí an-spraoi go deo acu agus ba léir gur las an scátáil spiorad na Nollag iontu. Bhí éad orainn ar fad nuair a chonaic muid cé chomh maith is a bhí Noya Ní Dhubhda, Rang Oscar, ar an oighir!
Ag tús an téarma seo bhí cuairteoirí an-speisialta istigh le daltaí na hIdirbhliana ó Ollscoil na Gaillimhe. Míle buíochas do Dr. John Dunbar ón Venom Systems Lab a thug an ceardlann dochreidte seo dóibh!
Ghlac daltaí na hIdirbhliana turas chuig Béal Feirste le déanaí agus thug siad cuairt ar chairde nua i gColáiste Feirste agus ar ndóigh, ar na margaí Nollag i Halla na Cathrach. Fuair siad turas stiúrtha ar an gcathair agus d'fhoghlaim siad neart faoi chultúr Gaelach na Sé Chontae agus iad ann. Míle buíochas leis na baill foirne a bhí in éineacht leo agus a thug aire den scoth dóibh.
I measc na n-imeachtaí eile a bhí ar siúl ag an Idirbhliain, chaith siad coicís agus taithí oibre ar bun acu. D'fhorbair siad neart scileanna saoil agus tháinig siad ar ais ar scoil lán le fuinneamh ón dtaithí iontach. Freisin, fuair na daltaí a dtorthaí don tSraith Shóisearach agus iad ar thaithí oibre. Tá bród an domhain orainn mar scoil as a gcuid torthaí dochreidte!
D’eagraigh na daltaí Margadh na Nollag ar an Aoine seo caite don pobal uile scoile chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhiontraíocht na hIdirbhliana. Thaitin an margadh go mór le gach duine, go háirithe an chruinneog sneachta a bhí mar lárphíosa an mhargaidh!
Bhí téarma gnóthach ag Bliain 2 idir ranganna, staidéar do scrúduithe na Nollag agus spórt. Comhghairdeas le seaimpíní Chontae na Mí faoi 14 a bhuaigh le déanaí - Dominic, Luke agus Mahon ó rang Oscar lena bhfoireann, Naomh Colmcille. Bhain Lorcan Tapley amach a chéad chrios dubh sa WorldShotokan Karate Federation (WSKF). Grádú deacair a bhí ann os comhair painéal do sheachtar breithiúna ach d'éirigh thar cionn leis. Bíonn rath orthu siúd a oibríonn go dian!
Bhí téarma an-ghnóthach ag Bliain 1. Rinneadar ceiliúradh ar Sheachtain na hEolaíochta sna ranganna Eolaíochta i ndiaidh an briseadh meán téarma. Ansin bhíodar ag ullmhú dos na céad scrúduithe oifigiúla i gColáiste Ghlór na Mara. Bhí an-chuid ullmhúcháin ar siúl sna ranganna agus chuireadar plean staidéir le chéile dóibh féin don téarma.
Sa spórt, is seaimpíní Bhaile Átha Cliath iad na cispheileadóirí sinsearacha; buachaillí agus cailíní. Thaitin na cluichí ceannais BhÁC go mór leis an lucht tacaíochta. Ar ndóigh tá peil, sacar agus iománaíocht faoi lán seoil sa scoil i gcónaí.
Buaiteoirí Dalta an Téarma:
Bliain 1
Gailbhia - Zoe Ní Bhroin
Danú - Katie Ní Chiardubháin
Macha - Ruairí O Cathail
Teamhair - Daniel Minto
Bliain 2
Setanta - Eoghan Mac Gabhann
Oscar - Ali Ní Chaomhánaigh
Cú Chulainn - Mia Ní Chairbre
Bóirimhe - Cian O Crualaioch
Bliain 3
Connacht - Keeva Ní Fhearghaile
Laighean - Lillia Breathnach
Uladh - Erin Ní Chearra
Mumhan - Holly Ní Ruairc
Bliain 4
Craobh Rua - Sienna Nuinseann
Dé Danann - Meadhbh Ní Shúilleabháin
Hy-Brasil - Liam Ó Conchúir
Na Fianna - Siobhán Nic Cana
Bliain 5
Ailill - Moya Keeler
Cú Roí - Rebecca Ní Eachthigheirn
Bliain 6
Banba - Bláthnat Breathnach
Fódhla - Cébhán Houshidari
Éiriú - Callum Mac Craith