Coláiste Ghlór na Mara

Dalta an Téarma - Cáisc 2026

29-Márta-26
Dalta an Téarma - Cáisc 2026

Grúpa traid na scoile ag seinm; Searmanas 'Dalta an Téarma', Cáisc 2026

Bhí téarma dochreidte againn i gColáiste Ghlór na Mara le déanaí – téarma a bhí lán le himeachtaí taitneamhacha, fiúntacha agus gnóthacha a léirigh fuinneamh, tiomantas agus spiorad ár bpobail scoile.

Bhí éachtaí acadúla le moladh againn freisin. D’fhreastail Conall Ó Raghallaigh, in éineacht le Múinteoir Eimear, ar Chomórtas an Eolaí Óig agus bhain sé ardmholadh amach ó na moltóirí. Ina theannta sin, d’fhoilsigh Roinn an Oideachais tuairisc ar Chigireacht Uile Scoile a rinneadh le déanaí, a léirigh go raibh an fhoghlaim agus an teagasc sa scoil ag leibhéal eiseamláireach, le ceannaireacht láidir, úsáid éifeachtach teicneolaíochta agus curaclam leathan, cuimsitheach i bhfeidhm.

Bhí rath iontach ar an spórt chomh maith, le bua dochreidte ag an bhfoireann iománaíochta fé 16 sa chluiche ceannais. Míle buíochas le Múinteoirí Cillian Ó Néill agus Éamon as a gcuid oibre. Ghlac Lauren Ní Fhearáin páirt freisin sa chomórtas snámha sinsir ar son na scoile.

Tá céim mhór bainte amach ag an scoil le déanaí, agus creidiúnú Erasmus+ faighte againn – a chiallaíonn go mbeidh deis againn daltaí agus foireann a chur ar mhalartáin thar lear go leanúnach sna blianta amach romhainn, agus go bhfuil an scoil aitheanta mar eiseamláir i gcúrsaí Erasmus+ san Eoraip.

Bhí réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl againn freisin. Bhí craic iontach ag Múinteoir Aoife Ní Chonmhaigh agus a cuid daltaí, agus iad ag dearadh róbait don chomórtas FIRST Lego. D’fhreastail grúpaí ón Idirbhliain agus ó Bhliain 3 ar cheardlann iriseoireachta i mBaile Átha Cliath, á heagrú ag TG4, agus thug ár ndaltaí L2LP cuairt ar Raidió na Life chun taithí phraiticiúil a fháil ar chúrsaí raidió.

Bhí áthas orainn fáilte a chur roimh Jenny Piaget, Ambasadóir na hEilvéise chun na hÉireann, chuig an scoil, áit ar bhuail sí leis an bhfoireann agus leis na daltaí. Buíochas le Mathieu agus Múinteoir Kiana as ucht an ócáid iontach a eagrú.

Bhí deiseanna idirnáisiúnta ag ár ndaltaí freisin. Thug cúigear ón Rang Erasmus+ cuairt ar Innsbruck san Ostair agus ar Mhünchen sa Ghearmáin, agus bhí am den scoth acu. Ag an am céanna, ghlac Múinteoirí Eimear Curtin agus Niamh páirt i malartán Erasmus+ foirne ansin, freisin. Chomh maith leis sin, chuir muid fáilte roimh Louna, ár ndalta malartach ó Lycée Vaucanson i Tours na Fraince, a bhain taitneamh mór as a seachtain linn, agus a thug cuairt ar Eispéireas Europa i mBaile Átha Cliath in éineacht leis an rang Erasmus+.

Bhí imeachtaí spraíúla agus eachtrúla ar siúl chomh maith. Bhí lá den scoth ag daltaí na hIdirbhliana ar Champas Spóirt na hÉireann, agus bhain daltaí na tríú bliana an-taitneamh as a lá eachtraíochta i gCarlainn, Co. Lú. Chuaigh an Rang Ardteistiméireachta ar thuras sciála go dtí an Pholainn freisin – seachtain iontach eagraithe ag Múinteoir Fiachra.

Bhí spórt agus spraoi le sonrú le linn Seachtain na Gaeilge, le réimse imeachtaí agus cuairteanna ar Ghaelscoileanna áitiúla. Míle buíochas le Múinteoirí Honor agus Grace de Búrca, chomh maith leis an gCoiste Gaelbhratach, as seachtain den scoth a chur ar fáil. Ina theannta sin, bhain daltaí taitneamh as Seachtain na Staire, go háirithe an lá gléasta suas agus an músaem soghluaiste – buíochas leis an Roinn Staire as a gcuid oibre. Chun cuir leis an méid oibre atá ar siúl ag an gCoiste 'Gaelbhratach' faoi láthair, tháinig Cianán Coilier, Caitlin Ní Ghiobúin agus Aoife Fraser sa tríú háit sa chomórtas ‘Dúshlán 30’ mar chuid den chomórtas náisiúnta, á eagrú ag Gaelbhratach.

Ar deireadh, ba é buaicphointe an téarma ná an ceoldráma iontach Disco Inferno. Tar éis míonna oibre, de chleachtadh agus de chruthaitheacht, cuireadh seó draíochta ar stáitse. Thar chúig sheó, mheall an léiriú lucht féachana ollmhór agus bhí siad ar a gcosa ag deireadh gach oíche. Tá muid thar a bheith bródúil as rang na hIdirbhliana agus an caighdeán den scoth a bhain siad amach. Comhghairdeachas ó chroí leis na daltaí agus foireann uile a bhí bainteach leis an léiriú agus buíochas leo siúd ar fad a thacaigh leis.

Mar chríoch, ba théarma den scoth é seo i gColáiste Ghlór na Mara – agus tá muid ag tnúth go mór le cuid eile na bliana!

Buiteoirí 'Dalta an Téarma'

Bliain 1:

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Na Fianna

Lexie Ní Mhuireasa

Saoirse Ní Nualláin

Jamie Taoiling Ó Riain

Jamie Taoiling Ó Riain

Craobh Rua

MJ Ó Cearúlláin

Cara Ní Cheallaigh

Charlie Ó Coistealbha

MJ Ó Cearúlláin

Dé Danann

Luc Ó Cléirigh

Aisling Ní Mhuircheartaigh

Ella Ní Ghaoithín

Aisling Ní Mhuircheartaigh

Hy-Brasíl

Amber Gilford

Darragh Mac an Bháird

Sophia Ní Laoi

Darragh Mac an Bháird

Bliain 2

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Cú-Roí

Grace Ní Dhufaigh

Eli Bush

Ben Ó Briain

Grace Ní Dhufaigh

Lugh

Alexa Ní Fhoghlú

Alexis Nic Giolla Dhuibh

Oisín Mac an Bháird

Oisín Mac an Bháird

Ailill

Doireann Coiléir

Saoirse Ní Odhrain

Daniel Ó Muireagáin

Doireann Coiléir

Bliain 3

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Connla

Sadhbh Nic Gabhann

Belle Ní Aimheirgín

Sadhbh Ní Chuinn

Belle Ní hAimheirgín

Banba

Caoilainn Ní Cheallaigh

Caiden Mac Aoidh

Lucy Ní Mheachair

Caolinn Ní Cheallaigh

Ériú

Caragh Ní Ardagáin

Cillian Gunnery

Ciarán Ó Maoilmhichil

Ciarán Ó Maoilmhichil

Fódhla

Ruben Ó Dúill

Paddy ÓLaocha

Ashley Ní Fhógartaigh

Paddy Ó Laocha

Bliain 4

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Dánú

Jayden Mac Eachmharchaigh

James Ó Cinnéide

Béibhinn Ní Dhúill

Béibhinn Ní Dhúill

Gailbhia

Aobha Ní Riain

Aaron Ó Neill

Cian Mac Gibb

Aobha Ní Riain

Teamhair

Liam Ó Ruanaidh

Lucas Ó Baíolláin

Isabelle Fingleton

Isabelle Fingleton

Bliain 5

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Bóirimhe

Mahon Ó Ruairc

Conor Ó Mantáin

Poppy Ní hAimherigin

Poppy Ní hAimherigin

Cú Chulainn

Sarah Ní Aodha

Max Mac Seáin

Aoife Fraser

Sarah Ní Aodha

Oscar

Aoife Nic Uilín

Liam Mac Cába

Noya Ní Dhubhda

Liam Mac Caba

Bliain 6

Rang

Ainmnithe

Buaiteoir

Mumhan

Katie Ní Eathrín

Conor Ó Braoin

Michael Ó Cathail

Conor Ó Braoin

Connacht

Rosa de Buitléir

Laoise Ní Mhuircheartaigh

Keeva Ní Fhearghaile

Laoise Ní Mhuircheartaigh

Laighean

Cathal Mac Conchra

Cathal Ó Sé

Liam Ó Gallachóir

Cathal Mac Conchra

Aitheantas Speisialta:

Bliain

Dalta

Aitheantas

1

Alfie Ó Máirtín

Bhuaigh Alfie an bonn órga agus airgead i gCraobh Taekwondo na Mumhan

1

John Taoiling

Ar fhoireann na Mí

1

Bryan Mac Giolla Phádraig

Ceoltóir an Téarma

1-6

Cathal Mac Conchra

Aoibheann Nic Chonchra

Edie Ní Leathlobhair

Ciannait Ní Leathlobhair

Saoirse Ní Leathlobhair

Sarah Nic Aoidh

Ceoltóirí - de bharr seisiúin thraidisiúnta iontach.

Chabhragh siad go mór le himeachtaí Seachtain na Gaelainne agus scaipeadar spiorad na scoile chun na Gaelscoileanna uilig.

5

Conall Ó Raghallaigh

Eolaí Óg

Aitheantas Spóirt:

3

Alanna Ní Lochlainn

Roghnaíodh í don bpainéal faoi-15 do Bhaile Átha Cliath

3

Nessa Ní Dhonnchadha

13ú áit sa Chomortas Luthcleasaíochta naisiúnta - 'Sinsir'

3

Senan Ó Dúill

Barr feabhais sa CLG

Lá Buí: Aitheantas speisialta don chúigear a bhí ag eagrú an lá

  1. Lucy Grimson
  2. Aoife Ní Mhordha
  3. Liam Ó Domhnaill
  4. Shannon Ní Bhroin
  5. Alisha Nic Uidhir

Seachtain na Gaeilge:

  • Gradam na Ceannaireachta – Cianán Coiléir (5-CÚ CHULAINN)
  • Gradam an Eagraí& na Cruthaitheachta – Caitlin Ní Ghiobúin (5-CÚ CHULAINN)
  • Gradam na Tacaíochta – Cathal Mac Conchra (6-LAIGHEAN)
  • Gradam an Fhuinnimh & na Cabhrach– Aoife Fraser (5-CÚ CHULAINN)
  • Gradam na Gaeilge Beo – Aifric Ní Mhathúna (1-DÉ DANANN)
  • Gradam na Cruthaitheachta& na stiúrthóra Sarah Ní Aodha (5-CÚ CHULAINN)
  • Gradam na díograise agus na dea-mhéine - Clodagh Cinsealach (3-BANBA)
  • Gradam an fhógróra & an ghlór Gaeilge Ciarán Ó Maoilmhichil (3-ÉRIU)

Gaeilgeoirí an Téarma:

  • Aileen Ní Ailpín (1-DÉ DANANN)
  • Tadhg Mac An Fháiligh (1-NA FIANNA)
  • Sophie Ní Shabhaois (2-AILILL)
  • Daniel Ó Muireagáin (2-AILILL)
  • Sadhbh Nic Gabhann (3-CONNLA)
  • Michael Ó Raghallaigh (3-BANBA)
  • Aoife Nic Giolla Dhuibh (4-GAILBHIA)
  • Seán Ó Laocha (4-TEAMHAIR)
  • Savannah Ní Sheachnasaigh (5-BÓIRIMHE)
  • Lorcan Tapley (5-BÓIRIMHE)
  • Poppy Ní Shiordáin (6- MUMHAN)
  • Cathal Mac Conchra (6-LAIGHEAN)
Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026Dalta an Téarma - Cáisc 2026
Beal 19
2026
Searmanas Dalta na Bliana/Student of the Year Awards Ceremony
Beal 20
2026
Searmanas Gradaim Bliana 6/6th Year Graduation Ceremony - Scoil críochnaithe @ 12.45
Beal 25
2026
Scrúduithe Samhraidh/Summer Exams - Bliain 1, 2, 5
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara