Dalta an Téarma - Cáisc 2025
Bhí téarma an Earraigh i mbliana thar a bheith gnóthach agus spreagúil i gColáiste Ghlór na Mara. Cé go bhfuil an Cháisc sách déanach i mbliana, bhain pobal uile na scoile sult agus tairbhe as tréimhse fada lán le gníomhaíochtaí, buaiteoirí agus ceiliúradh.
Thug an Idirbhliain aghaidh ar Chonamara an tseachtain seo le haghaidh taithí tumoideachais sa Ghaeltacht, áit ar neartaíodh scileanna teanga agus forbraíodh cairdeas nua i measc an ghrúpa. Ina theannta sin, chuir siad ceoldráma ar stáitse le ceolfhoireann phroifisiúnta thar chúig sheó den scoth. Tháinig 13 scoil chun an seó a fheiceáil, agus mheall sé na mílte ón bpobal idir óg agus aosta.
Bhí scoth na mbuanna le sonrú i gcúrsaí spóirt an téarma seo:
- Bhuaigh foireann shacair na gCailíní i gcluiche ráchairt in aghaidh Scoil Ghramadaí Dhroichid Átha.
- D'éirigh go hiontach le Foireann Rugbaí Bhaile Brigín faoi 15 le Cillian, Alex, Senan agus Caiden i measc na réaltaí.
- Bhain foireann shacair na mbuachaillí Bliain 1 & 2 bua amach i gcoinne Coláiste Pobail na Gráinsí, Gaelcholáiste na Mara agus Beneavin De La Salle – míle buíochas le Múinteoirí Ashling agus Philip a thacaigh leis na leaids.
- Rinne foireann chispheile na gcailíní dul chun cinn millteach, ag taisteal fud fad na tíre – buíochas le Múinteoir Fiona as ucht na gcailíní a stiúradh chomh rathúil sin i mbliana.
- D’imir foireann chispheile na mbuachaillí Bliain 1 go hiontach, lena n-áirítear bua 14-4 in aghaidh Phort Meanóig – comhghairdeas le Múinteoir Pierce agus é i gceannas ar an bhfoireann úd i mbliana.
- Bhuaigh Tadhg Ó Cionnaith Rás na Scéirí 1 mhíle.
- Ghlac daltaí páirt i gcluichí contae ar son Bhaile Átha Cliath, ina measc: Emma Ní Mhainnín, Béibhinn Ní Dhúill, Aoife Nic Giolla Dhuibh, Darragh Mac Giolla Dhuibh, Holly Ní Ruairc agus Laoise Ní Mhuircheartaigh.
Bhuaigh Daniel Minto, Bliain 3, comórtas náisiúnta filíochta lena shaothar cruthaitheach féin, agus ghlac Andrew Minto, Laoise Ní Mhuircheartaigh agus Doireann Ní Mhaonaigh páirt i gcomórtas idirnáisiúnta na nAistritheoirí Óga – comhghairdeas leo agus le Múinteoirí Kiana agus Grace de Búrca a mhol na daltaí chun páirt a ghlacadh.
Tharla go leor eile fós:
- Thug Coláiste Ard Giolláin cuairt ar Rang Lir chun cairdeas a chothú.
- Ghléas pobal uile na scoile in éadaí ildaite chun airgead a bhailiú don seomra céadfaí i Rang Lir.
- D’eagraigh Foireann Lir imeachtaí iontacha do Mhí an Uathachais.
- Bhuaigh Éadaoin Nic Shuibhne comórtas ceoil Coinín na Mara ar Instagram.
- Ghlac Enda Ó Raghallaigh agus Ben Ó hEochaigh páirt i gclár fiontraíochta Fhine Gall – buíochas leis na múinteoirí Dara agus Sinéad.
- Ghlac Aoibheann Ní Chonchra agus Alex Ní Shlataire páirt sna Peace Proms i Luimneach mar ambasadóirí dá réigiúin.
- Thaistil Xylan Ó Lionnáin agus Ryan Soden go Dún Seachlainn mar chuid de chomórtas oráide.
- Bronnadh 28 rothar nua ar an scoil mar chuid den chlár ‘Rath na Rothaíochta’ a dhear Múinteoirí Cian agus Emer.
- Tháinig Gaelcholáiste Dhún Dealgan ar cuairt chun páirt a ghlacadh i gcomórtas badmantan – míle buíochas le Múinteoir Áine.
- Bhain Robyn Ní Chiardha, Oliver Bush, Nessa Ní Dhonnchadha agus Méabh Ní Dhonnchadha rath mór ag Craobh na hÓige le club lúthchleasaíochta Lusca.
- Thug Bliain 3 cuairt ar an amharclann le haghaidh 'The Merchant of Venice'.
- Rinne Bliain 6 ceardlanna ullmhúcháin do na scrúduithe cainte Gaeilge le Múinteoirí Cian agus Siobhán, agus tá siad anois réidh don dúshlán sin le linn aimsir na Cásca.
- D'éirigh go hiontach lenár ndaltaí i scrúduithe praiticiúla stáit san eacnamaíocht bhaile, san ealaín agus sa cheol.
- D’fhreastail grúpa díograiseach ar cheardlann le TG4: ‘Iriseoirí an Lae Inniu’.
- Tá na heitiltí don Rang Erasmus+ go dtí an Phortaingéil socraithe cheana féin – seachtain ina mbeidh daltaí ag obair ar thionscnaimh teanga i gcomhpháirt le scoileanna eile san Aontas Eorpach.
- Tá an Idirbhliain ag súil go mór le turas chun na Gearmáine agus na hOstaire tar éis na Cásca.
- Agus chun críoch a chur leis na himeachtaí iontacha uile, tá muid bródúil as Colette Ní Mhuircheartaigh agus Eoin Lignon (Ardteist 2024) a bhfuair scoláireachtaí iontrála go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus Eoin Wayne go Coláiste na Tríonóide.
Comhghairdeas ó chroí le gach duine a ghlac páirt – daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí. Táimid fíorbhuíoch as an dúthracht, an tallann agus an fuinneamh a chuireann sibh ar fad le saol ár scoile. Bainigí taitneamh as sos na Cásca – tá sé tuillte go maith agaibh!
Buaiteoirí Dalta an Téarma
Bliain 1:
Lugh: Amelia Nic Dhómhnaill
Ailill: Molly de Paor
Cú Roí: Elliot Ó Donnchadh
Bliain 2:
Connla: Niamh Webster
Banba: Lana Stiobhard
Éiriú: Shane Ó Conaill
Fódhla: Tadhg Mac Einrí
Bliain 3
Macha: Aoibheann Ní Chonchra
Teamhair: Luke Ó Flanagáin
Danú: Aisling Rymell
Gailbhia: James Ó Cinnéide
An Idirbhliain
Cú Chulainn: Dillon Ó Néill
Boroimhe: Enda Ó Raghallaigh
Oscar: Liam Ó Domhnaill
Bliain 5
Connacht: Amber Nic Stiofáin
Laighean: Darragh Cinsealach
Mumhan: Carla Ní Bhrádaigh
Bliain 6
Craobh Rua: Hannah English
Dé Danann: Mia Nic Fhinn
Na Fianna: Rhys Ó Ruanaidh
Aitheantais Speisialta
Órlaith Nic Siúrtáin (Foireann pheile Co. Lú)
Elliot Ó Donnchadh (Foireann Shelbourne)
Finn Ó hAilpín (Jiu-Jitsu)
Senan Ó Dúill (Scrúdú Réiteora)
Danny Ó Seanacháin, Shane Ó Conaill, Tomás Ó Leathlobhair, Eoghan Mac Cába & Seán Ó Bíorna (Craobh peile Féile)
Lucy Ní Eachthigheirn (Rugbaí)
Síle Nic Críosta (Cispheil ar son na scoile agus Boyne Warriors)
Éamonn Ó Nualláin (Taekwando)
Daniel Minto (Filíocht)
Matthew Ó Cochláin (Obair dheonach leis an gCLG agus páistí le riachtanais bhreise)
Xylan Ó Lionnáin (Mar chuid d'fhoireann cheannaireachta As I Am)
Andrew Minto, Laoise Ní Mhuircheartaigh & Doireann Ní Mhaoinigh (Aistritheoirí Óga)
Robyn Ní Chiardha (3ú áit in Éirinn i rás 800M)
Liam Ó Domhnaill, Nessa Ní Dhonnchadha & Daire Ó Cróinín (Lúthchleasaíocht)
Gaeilgeoirí an Téarma
Bliain
|
Daltaí
|
1
|
Conor Ó hAodha, Oisín Ó Ruiséil, Darcy Philbin, Muireann Ní Chléirigh
|
2
|
Jamie Fullam, Michael Ó Raghallaigh, Harry Ó Máirtín, Emily Ní Bhroin, Sadhbh Nic Gabhann, Caragh Ní Ardagáin, Cillian Gunnery
|
3
|
Aisling Ní Mhoráin, Aurora Ní Ghradaigh, Luke Ó hEachtigheirn, Róisín Ní Chionnaidh, Aisling Rymell, Daniel Minto, Ruairí Ó Cathail
|
4
|
Aoibheann Butterly, Mia Ní Chairbre, Chloe Ní Raifeartaigh, Tadhg Ó Cionnaith, Max Mac Seáin, Liam Ó Domhnaill,
|
5
|
Emma Stiobhard, Oisín Ó Murchú, Zack Ó Miadhaigh, Clara Ní Mharcacháin Ní Loingsigh, Ella Ní Raghallaigh, Daniel Dreznjak, Carla Ní Bhrádaigh
|
6
|
Robyn Ní Chiardha, Laoise Ní Dhúill, Meadhbh Ní Shuilleabháin, Seán Mac Uillín
|