Caidreamh Poiblí
16-Márta-22
Múinteoir Andrea an-sceitimíneach faoin ócáid. Dánlann iomlán thíos
Bhí spiorad iontach le mothú i gColáiste Ghlór na Mara inniu agus searmanas ‘Dalta an Téarma’ ar siúl againn. Tá an scoil tar éis méadú chomh mór sin is go raibh an searmanas ar siúl den chéad uair sa Halla Spóirt!
Ó Nollaig 2019 ar aghaidh, bhí orainn an searmanas tábhachtach seo a cheiliúradh go fíorúil ar Zoom. Mar sin, bhí sé dochreidte speisialta daltaí agus foireann na scoile a bhailiú in aon spás amháin ar maidin chun aitheantas a thabhairt dár saothar fíorluachmhar agus moladh a thabhairt dár ndaltaí a bhfuil obair na gcapall ar siúl acu faoi láthair na huaire. Chuir Bobby Mac Siúrtáin go mór leis an lá agus an giotár leictreach á sheinm aige le linn an tsearmanais. Buíochas speisialta le Múinteoirí Katie, Tadhg agus Ciara as ucht an lá a eagrú. Tá pictiúir ón ócáid le feiceáil sa dánlann thíos.
Tá ár ndaltaí agus ár mbaill foirne thar a bheith gnóthach faoi láthair na huaire. I gcás Bliain 1, tá na cailíní tríd go dtí an babhta ceathrú ceannais sa pheil a bheidh ar siúl ar an Luan beag seo. Éacht amach is amach atá ann agus guíonn muid gach rath orthu. Bhí céilí ar siúl acu inniu, freisin, chun críoch a chur le Seachtain na Gaeilge agus bhí Múinteoir Fiona fíorshásta le caighdeán na ndamhsóirí ina measc! An tseachtain seo caite, bhain Tadhg agus Sarah aitheantas iontach amach lasmuigh den scoil leis an gCumann Lúthchleas Gael; bhí an bua acu i dTráth na gCeist ag an gcomórtas ‘Scór na nÓg’
Bhí an fhoireann eolaíochta fíorbhródúil as an obair ar fad a cuireadh i gcrích le déanaí maidir le Scifest; comórtas eolaíochta bliantúil. Bhí an-ócáid againn ar scoil agus bhain pobail uile na scoile taitneamh as an taispeántas a chuir na scoláirí ar siúl ar an lá. Ghabh an fhoireann eolaíochta comhghairdeas speisialta le Malachy Ó Murchú agus Aoibheann Butterly a tháinig sa 3ú agus 2ú háit agus dár ndóigh, leis an mbuaiteoir ar an lá: Tadhg Ó Cionnaith.
Roimh an mbriseadh meán-téarma, bhí téarma an-ghnóthach ag muintir na tríú bliana agus na séú bliana agus coicís de bhréagscrúduithe ar bun acu. Tréimhse deacair a bhí ann dóibh ar ndóigh, ach cinnte de, d'fhoghlaim siad go leor ón taithí a fuair siad agus tá muid go léir an-bhródúil astu agus ag súil le tuilleadh dul chun cinn idir anois agus aimsir na Scrúduithe Stáit.
Eagraíodh turas do rang Craobh Rua i mBliain 3 mar bhuaiteoirí ‘Comórtas na bPointí’. Bhí lá iontach acu ag 'Bounce & Beyond' roimh na scrúduithe. Comhghairdeas le rang ‘Na Fianna’ a bhuaigh an comórtas don téarma áirithe seo. Táimid ag súil le turas libh go luath!
D'eagraigh An Idirbhliain díolachán cácaí ar son muintir na hÚcráine le linn Seachtain na Gaeilge. Tháinig pobal na scoile ar fad le chéile chun tacú leis an ndíolachán seo agus mar thoradh, bhailigh muid suas le €500 do mhuintir na hÚcráine. Go raibh míle maith agat, Múinteoir Fiona, as ucht an ócáid sin a stiúradh.
Chomh maith leis sin, rinne Bliain 4 dúshlán rabhlóige chomh maith le pobal na scoile le linn Seachtain na Gaeilge agus d'éirigh le Colette as an Idirbhliain an ceann is fearr a fháil ar an Rabhlóg! Tá an físeán le feiceáil anseo:
D'eirigh le Caoilainn Ní Fhoghlú, Hannah Ní Chuanaigh, Rebecca Ní Eachthigheirn agus Molly Ní Nualláin an craobh ag RevolveFashionComp a bhaint amach. Roghnaíodh 19 bhfeisteas as níos mó ná céad don chraobh. Níor éirigh leo aon duais a bhuachan ach is éacht dochreidte a bhí ann dul chomh fada leis an gcraobh! Maith sibh a chailíní!
Chuaigh daltaí na cúigiú bliana ar thuras Béarla chun MacBeth a fheiceáil san IFI i lár na cathrach, mar chuid de chúrsa Béarla na hArdteistiméireachta le Múinteoirí Niamh, Rónán agus John.
Ag tús na bliana seo, bunaíodh foireann nua de Chinnirí Gaeilge sa scoil gus bhí siad an-ghnóthach ar fad le himeachtaí Seachtain na Gaeilge á n-eagrú acu le coicís anuas. D'eagraíodar Tráth na gCeist, Bliots Cispheile, Céilí, agus chuireadar físeán iontach "An focal Gaeilge Is Fearr Liom" le chéile, in éineacht le nathanna cainte a scaipeadh timpeall na scoile. Tá an físeán úd le feiceáil thíos:
Beidh Kate Nic Cionnaith as Bliain 5 ag dul go Lesotho i nDeisceart na hAfraice i mí Aibreáin leis an gcarthanacht ‘Action Ireland Trust’. Is í an sprioc atá ag ‘Action Ireland Trust’ ná a bheith ag obair le pobail atá i dtíortha i mbéal forbartha chun an deis a thabhairt do dhaoine a gcaighdeán maireachtála a fheabhsú ó thaobh cúrsaí sláinte, oideachais agus talmhaíochta de agus cúrsaí tógála, pleanála agus forbairt de. Beidh bailiúchán airgid á eagrú ag Kate idir anois agus saoire na Cásca. Guímid gach rath ar Kate agus táimid an-bhródúil aisti.
Chuaigh Bliain 6 ar thuras Béarla dá ndráma Shakespear féin, Othello, sa Heilix in Ollscoil na Cathrach, Baile Átha Cliath. Níl dabht ar bith ach go gcabhraíonn an drámaíocht bheo le grá na ndaltaí don ábhar. Chuaigh an rang tíreolaíochta Ardteistiméireachta go dtí Trá Bhaile Mhic Gormáin i gCo. na Mí don fiosrúcháin tíreolaíochta le déanaí, freisin. Bhí lá iontach acu ag bailiú sonraí agus torthaí ar mhaithe le 20% dá ngrád Ardteiste.
Féach thíos liosta na ndaltaí a fuair duaiseanna ón searmanas inniu:
Bliain 1:
Rang Boróimhe: Liam Ó Dómhnaill
Rang Chú Chulainn: Ciannait Ní Leathlobhair
Rang Setanta: Eoghan Mac Gabhann
Rang Oscar: Siún Ní Chathasaigh
Bliain 2:
Rang Connacht: Martin Todoro
Rang Mumhan: Dean Ó hÉilí
Rang Uladh: Siobhán Nic Chionnaith
Rang Laighean: Laoise Ní Mhurchú
Bliain 3:
Rang Dé Danann: Robyn Ní Chiardha
Rang na Fianna: Mollie Ní Nualláin
Rang Craobh Rua: Maedhbh Ní Shuilleabháin
An Idirbhliain:
Rang Ailill: Isabella Ní Athairne
Rang Cú Roí: Colette Ní Mhuircheartaigh
Rang Lú: Caoilainn Ní Fhoghlú
Bliain 5:
Rang Banba: Isabella Ní Mharacháin-Ní Loingsigh
Rang Éiriú: Katie Ní Aimheirgín
Rang Fódhla: Eimear Cinnsealach
Bliain 6:
Rang Teamhair: Sarah Tantas
Rang Danú: Aoife Nic Aoidh
Rang Macha: Louise Ní Bharún
Aitheantas Speisialta:
Bliain 1
Buaiteoirí Scifest:
Tadhg Ó Cionnaith (1ú áit)
Aoibheann Butterly (2ú áit)
Malachy Ó Murchú (3ú áit)
Ben Ó hEochaidh (Aitheantais Speisialta)
Daisy Ní Shairséal (Aitheantais Speisialta)
Clara Nic síomóin (Aitheantais Speisialta)
Ashleigh Sabhaois (Aitheantais Speisialta)
Dillon Ó Néill ('Imreoir na Bliana' don club sacair Baile Scadáin)
Bliain 4:
Eoin Wayne
Rebecca Ní Eachtigheirn
Hannah Ní Chuanaigh
Molly Ní Nualláin
Caoilainn Ní Fhoghlú
Spiorad na scoile:
Caoimhe Ní Leanacháin
Jessica Akandu
Colette Ní Mhuircheartaigh
Hannah Ní Chuanaigh
Caoilainn Ní Fhoghlú /
Rebecca Ní Eachtigheirn
Spiorad an phobail:
Kate Nic Chionnaith
Gaeilgeoirí an Téarma:
Sóisearach: Ben ó hEochaidh & Cathal Mac Conchra
Sinsearach: Colette Ní Mhuircheartaigh & Conor Ó Dúill