Coláiste Ghlór na Mara

Cúrsaí Ceoil sa Scoil

22-Nollaig-23
Cúrsaí Ceoil sa Scoil
Bhí téarma dochreidte ag ceoltóirí na scoile, idir comórtais agus turas go dtí Ollscoil Teicneolaíochta Grangegorman bhí téarma an-cheolmhar againn. Bhain na ceoltóirí an-taitneamh as páirt a ghlacadh i gcomórtas Scléip. Ghlac daltaí ó Bhliain 1-6 páirt sna comórtais. Ghlac 2 bhanna páirt i gcomórtas na mbannaí agus glac Doireann Ní Mhaonaigh, Éanna Ó Ceallaigh, Alex Ní Shlataire, Lillyann Ní Sheibhleáin agus Bobby Mac Siurtáin páirt i gcomórtas aonréad agus canadh. Chan agus sheinn siad go léir ar ardchaighdeán. Tá muid an-bhródúil astu.
Anuas air sin, bhí deis iontach ag ár gceoltóirí a bheith ag foghlaim ó laochra an cheoil traidisiúnta agus lá a chaitheamh sa Music Conservatory ag Ollscoil Teicneolaíochta Grangegorman. Chaith na daltaí an lá ag cur píosaí ceoil le chéile agus taifead a dhéanamh orthu ag deireadh an lae. Taithí agus eispéireas den scoth a bhí ann dóibh. Tá muid an-bhuíoch d'Ollscoil Teicneolaíochta Grangegorman as ucht an deis iontach seo a thabhairt dúinn. Tá muid go léir ag súil lenár gcéad thuras ceoil eile san athbhliain.
Cúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa ScoilCúrsaí Ceoil sa Scoil
No events found
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara