Coláiste Ghlór na Mara

Cuairteoirí Speisialta ó Moorehall Lodge

23-Deireadh Fómhair-25
Cuairteoirí Speisialta ó Moorehall Lodge

Raymond, Bríd agus Sadhbh ag cur fáilte Uí Cheallaigh roimh ár gcuairteoirí

D'eagraigh Sadhbh Butterly ócaid an-speisialta ar fad agus í ag obair go dian ar an gclár CFL2. Tháinig roinnt cónaitheoirí ó Theach Altranais Moorehall Lodge chuig Coláiste Ghlór na Mara chun braoinín tae a ól agus chun labhairt leis na daltaí.

Bhí seacláid agus scónaí acu agus ar ndóigh, roinneadh a lán gáire eadrainn go léir. Bhí ceol álainn traidisiúnta ann freisin, á eagrú ag Ardchinnire na scoile, Cathal Mac Conchra, le ceoltóirí traidisiúnta uile na scoile ag glacadh páirte. Tá súil in airde againn go mbeidh go leor imeachtaí mar seo sa scoil amach anseo.

Míle buíochas le Múinteoir Sinéad a chuir an físeán álainn seo le chéile, bunatihe ar an ócáid:

Aib 13
2026
Filleadh ar Scoil/Return to School
Aib 16
2026
Cruinniú Tuismitheoirí Bliain 1/1st Year Parent Teacher Meetings
Aib 19
2026
Turas Idirbhliana go Loch Garda/TY Tour to Lake Garda
Beal 04
2026
Lá Saoire Bainc/Bank Holiday
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara