Ambasadóir na hEilvéise chun na hÉireann, Jenny Piaget, in éineacht le Luca Cailloce, Cathal Mac Conchra (Ardchinnire 2025-2026), Múinteoir Kiana Nic Cionnaith (Múinteoir Fraincise), Mathieu Cazemajou (Cúntóir Teanga Fraincise), Maedhbh Daltún (Príomhoide), Micheál Ó Cathail, Laoise Ní Mhuircheartaigh, Doireann Ní Mhaonaigh agus Martin Todaro
Bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh Ambasadóir na hEilvéise chun na ḣÉireann, Jenny Piaget, chuig Coláiste Ghlór na Mara an tseachtain seo. Thug an chuairt seo deis iontach do na daltaí Fraincise tuilleadh a fhoghlaim faoin Eilvéis agus faoin bhFrancafónachas.
Chuir daltaí na hArdteistiméireachta – Luca Cailloce, Martin Todaro, Michael Ó Cathail, Doireann Ní Mhaonaigh, Laoise Ní Mhuircheartaigh agus Cathal Mac Conchra – fáilte oifigiúil roimh an ambasadóir. Chuir siad fáilte roimpi thar cheann phobal na scoile as Fraincis, as Iodáilis, as Gearmáinis agus as Gaeilge.
Le linn a cuairte, thug an tAmbasadóir cuairt ar an seomra ealaíne agus ar an gceardlann adhmadóireachta, áit ar bhain sí taitneamh as roinnt de na saothair agus na tionscadail a rinne ár ndaltaí le déanaí.
Le linn fáiltiú cairdiúil le tae agus caife, bhí deis ag an ambasadóir comhrá a dhéanamh le daltaí agus le foireann i dtimpeallacht thaitneamhach.
Mar chuid dá cur i láthair, reáchtáil an tAmbasadóir tráth na gceist suimiúil faoin Eilvéis do na daltaí, sular fhreagair sí a gcuid ceisteanna féin. Bhain na daltaí an-taitneamh as an deis níos mó a fhoghlaim faoi scoileanna san Eilvéis, chomh maith le teangacha agus cultúr na tíre.
Mar bhronntanas, rinne tuismitheoir scoile, Gillian Uí Mhóráin, cuilt álainn le teachtaireacht speisialta scríofa uirthi i gcuimhne ar an gcuairt.
Gabhaimid buíochas ó chroí leis an Ambasadoir as ucht a cuairte. Ba thaithí an-saibhir agus inspioráideach í do gach duine.
On a eu le grand plaisir d’accueillir l’ambassadrice de la Suisse, Jenny Piaget, à Coláiste Ghlór na Mara cette semaine. Cette visite a offert une excellente occasion aux élèves de français d’apprendre davantage sur la Suisse et sur la francophonie.
Madame l’ambassadrice a été officiellement accueillie par des élèves de Terminale (Luca Cailloce, Martin Todaro, Michael Ó Cathail, Doireann Ní Mhaonaigh, Laoise Ní
Mhuircheartaigh et Cathal Mac Conchra), qui lui ont souhaité la bienvenue en français, en italien, en allemand et en gaélique au nom de toute la communauté scolaire.
Au cours de sa visite, l’ambassadrice a visité la salle d’arts plastiques et l’atelier de menuiserie, où elle a eu l’occasion d’admirer certains travaux et projets réalisés par nos élèves.
Lors d’un moment d’accueil autour d’un thé ou d’un café, l’ambassadrice a également eu l’occasion d’échanger avec des élèves et des professeurs dans une
ambiance conviviale.
Lors de sa présentation, l’ambassadrice a animé un quiz passionnant sur la Suisse pour les élèves, avant de répondre à leurs nombreuses questions. Ceux-ci ont beaucoup apprécié l’occasion d’en apprendre davantage sur les écoles en Suisse, les langues et la culture du pays.
Nous remercions sincèrement Madame l’ambassadrice pour sa visite. Ce fut une
expérience enrichissante et inspirante pour tous.