Coláiste Ghlór na Mara

Corn buaite ag Buachaillí B1 & B2 sa pheil!

12-Bealtaine-22
Corn buaite ag Buachaillí B1 & B2 sa pheil!

Thug ár mbuachaillí ó Bhliain 1 agus Bliain 2 an corn abhaile leo inniu tar éis taispeántas eisceachtúil i gCaisleán Cnucha. D’oibrigh na leaids go dian don bhliain ar fad ar an mbóthar go dtí an corn a thabhairt ar ais go Baile Brigín. Léirigh siad an obair chrua sin sa gcluiche ceannais nuair a d’oibrigh siad mar fhoireann don seasca nóiméad agus ba léir a scileanna ceannaireachta den scoth le linn an chluiche.

Táimid fíor-bhródúil as gach duine ar an bhfoireann agus buíoch do gach duine a chabhraigh leis an bhfoireann i rith na bliana, go háirithe Múinteoirí Macdara agus Rónán, a bhí in éineacht leo inniu á spreagadh i dtreo an bhua!

Maith sibh a bhuachaillí. CGNM ABÚ!!!

Corn buaite ag Buachaillí B1 & B2 sa pheil!Corn buaite ag Buachaillí B1 & B2 sa pheil!
Bealt 16
2025
Searmanas na hIdirbhliana/TY Graduation Ceremony
Bealt 20
2025
Searmanas na Séú Bliana/6th Year Graduation Ceremony
Bealt 26
2025
Scrúduithe an tSamhraidh/Summer Exams
Meith 04
2025
Scrúduithe Stáit/State Examinations (Bliain 3 agus 6)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara