Coláiste Ghlór na Mara

Comórtas na nAistritheoirí Óga

06-Márta-25
Comórtas na nAistritheoirí Óga

Doireann, Andrew agus Laoise agus iad i mbun aistriúcháin inniu

Bhí bua na dteangacha le feiceáil i gCGNM inniu! Tá ríméad an domhain ar an Roinn Ghaeilge agus an Roinn Nuatheangacha go bhfuil ár ndaltaí ag glacadh páirte i gcomórtas náisiúnta na n-Aistritheoirí Óga.

Bhí obair na gcapall ar siúl ag an triúr a ghlac páirt ann. D’aistrigh Andrew Minto, Bliain 6, téacs ó Bhéarla go Gaeilge, d’aistrigh Laoise Ní Mhuircheartaigh, Bliain 5, téacs ó Spáinnis go Gaeilge agus d’aistrigh Doireann Ní Mhaonaigh, Bliain 5, téacs ó Fhraincis go Gaeilge. Míle buíochas go deo leis na Múinteoirí Kiana agus Grace a d'eagraigh an lá agus a chuir an deis iontach seo ar fáil dár ndaltaí.

Fógrófar buaiteoirí an chomórtais i mí Bealtaine. Maith sibh as an dea-obair, a chairde!

Comórtas na nAistritheoirí ÓgaComórtas na nAistritheoirí ÓgaComórtas na nAistritheoirí Óga
Feabh 03
2026
Bréagscrúduithe/Mocks - Bliain 3 & 6
Feabh 03
2026
Taithí Oibre na hIdirbhliana/TY Work Experience
Feabh 13
2026
Briseadh Meán-Téarma/Mid-Term Break @ 12.45
Márta 05
2026
Cruinniú Tuismitheoirí Bliain 3/3rd Year Parent Teacher Meetings
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara