Coláiste Ghlór na Mara

Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23

25-Lúnasa-23
Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23

Sceitimíní sa Halla Spóirt

Bhí go leor mothúcháin san aer sa scoil ar maidin agus torthaí na hArdteistiméireachta á mbronnadh againn ar Rang na Bliana 2023.

Bhí múinteoirí na séú bliana ón mbliain seo caite i láthair, in éineacht leis an bPríomhoide agus an Leas-Phríomhoide chun gach rath a ghuí ar ár ndaltaí Ardteiste agus chun an ócáid iontach seo a cheiliúradh leo.

Ar ndóigh, bhí na torthaí ar fáil ar líne óna 10 a’ chloig ar maidin, freisin, agus bhí neart dár ndaltaí ag breathnú ar a dtorthaí ón mbaile.

Bhí sárchaighdeán ag baint le torthaí na bliana seo; a bhí i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta san iliomad ábhar a bhí ar fáil don chúrsa Ardteiste i gColáiste Ghlór na Mara. Léiríonn seo an obair chrua agus na hiarrachtaí móra a cuireadh isteach ag daltaí agus foireann araon le sé bliana anuas. Tá fíorbhród orainn asaibh agus ag súil le leanúint ar bhur n-aistir éagsúla amach anseo.

Má bhíonn ceist ar bith ag aon dalta a fuair a dtorthaí inniu, is fiú súil a chaitheamh ar an suíomh thíos:

https://careersportal.ie/leaving-cert-results-whats-next

Chomh maith leis sin, tá Coláiste Ghlór na Mara ar fáil daoibh am ar bith sna seachtainí atá amach romhainn más gá daoibh aon ghné de na torthaí a phlé.

Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23Comhghairdeachas le Rang na hArdteistiméireachta '23
Már 14
2024
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 1)
Már 18
2024
Lá Saoire Bainc/Bank Holiday - School Closed
Már 25
2024
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Break
Bealt 02
2024
Turas Thar Lear Idirbhliana/TY Trip Abroad
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara