Coláiste Ghlór na Mara

Comhghairdeachas le Múinteoir Katie

31-Bealtaine-23
Comhghairdeachas le Múinteoir Katie

Is cúis bhróid dúinn le fógairt go bhfuil Múinteoir Katie Ní Dhubhláin tar éis a bheith ceaptha mar Phríomhoide Tánaisteach i Scoil Chaitríona, Glas Naíon.

Ar ndóigh, fágfaidh Múinteoir Katie bearna ollmhór ina diaidh i gColáiste Ghlór na Mara ach tá an scoil níos saibhre mar gheall uirthi agus an sé bliana a chaith sí anseo ag spreagadh agus ag tacú le chuile duine inár bpobal. An stampa is mó a chuir sí ar an scoil ná cultúr láidir cispheile a chothú anseo agus tá neart éachtaí bainte amach ag foirne éagsúla cispheile i gColáiste Ghlór na Mara i gcaitheamh na mblianta agus í ‘ag an roth’.

Chruthaigh sí caidrimh iontacha le daltaí agus baill foirne araon, go háirithe ina ról mar Cheannaire Bliana. Tá an t-ádh dearg lenár gcairde i Scoil Chaitríona go mbeidh sí ag obair leo amach anseo agus guíonn muid gach uile rath uirthi ina ról nua. Comhghairdeachas leat, a Mhúinteoir Katie agus go n-éirí an bóthar leat i do chaibidil nua.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara