Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin: Molly Ní Nualláin

07-Feabhra-24
Cinnire Céadaoin: Molly Ní Nualláin

Molly Ní Nualláin, Cinnire Scoile

An tseachtain seo, labhrann Múinteoir Eimear Curtin le Molly Ní Nualláin le haghaidh #CinnireCéadaoin.

Is gearr dúinn anois Lá Fhéile Bríde agus leis sin, tús an Earraigh (buíochas mór!). Chun leannúint leis an dea-nuacht seo, tá agallamh eile curtha againn ar Chinnire na scoile - Molly Ní Nualláin. Is Cinnire Gaeilge í Molly agus sár-jab déanta aici sa phost go dtí seo. Fan go gcloisfidh tú cad atá le rá aici...

Ainm: Molly Ní Nualláin
Aois: 17
Comhartha an Zodiac: Aries
Ceoltóir / Banna ceoil is fearr leat: The Killers
An spórt is fearr leat: Peil Ghaelach
An foireann spóirt is fearr leat: Foireann BhÁC na mban (peil ghaelach)
An t-ábhar scoile is fearr leat: Corpoideachas na hArdteiste
An t-ábhar scoile is measa duit: Mata
An duine a thugann spreagadh duit: Príomhoide Maedhbh
Cá fheiceann tú tú féin i gceann 5 bhliain: Ag obair le foireann spóirt i Meiriceá

Cén fáth ar chuir tú isteach ar an bpost mar chinnire?
Theastaigh uaim a bheith mar ionsparáid do na daltaí sóisir agus cabhair a thabhairt dóibh le rud ar bith. Comh maith le sin bhí mé ag iarraidh mo chaidreamh a fheabhsú le foireann na scoile.

Conas mar a bhí do bhliain mar chinnire go dtí seo (na buaicphointí, na rudaí deacra srl)?
Tá go leor buaicphointí maidir le ról an chinnire, ach tá go leor dualgaisí agus strus orm ag druidim na hArdteiste. An rud is fearr liom faoi ná an Ghaeilge a chur chun cinn i láthair na scoile agus í a chloisteáil i mbéal na ndaltaí.

Dá bhféadfá labhairt leat féin i mbliain 1 arís, cad iad na moltaí go dtabharfá duit féin?
Déarfainn liom féin gan a bheith buartha faoi mo chuid scrúdaithe agus sult a bhaint as cairde nua a dhéanamh. Mholfainn chun a bheith fírinneach ionat féin agus gan bacadh le tuairimí ndaoine eile.

Cad iad na moltaí atá agat d’éinne atá ag iarraidh bheith mar chinnire amach anseo?
Mholfainn dóibh cuir isteach don phost toisc gur eispéireas den scoth é. Tugann sé seans duit do cuid scileanna idirphearsanta a fhorbairt agus caidreamh a fhorbairt le do chuid múinteoirí agus comhghleacaithe. Freisin bí oscailte do smaointí ó dhaoine eile. Bí in ann oibriú i ngrúpaí agus cabhair a lorg má theastaíonn sé uait!

M.Fómh 26
2024
Oíche Oscailte/Open Evening
M.Fómh 30
2024
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 17
2024
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 5)/Parent Teacher Meetings (5th Year)
D.Fómh 28
2024
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara