Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin: Holly

16-Samhain-22

Screenshot 2022-11-16 at 15.22.08.png

Holly, Cinnire na Scoile 2022-2023

Is scoláire den scoth í Holly Píc. Cailín lách, cóir, cineálta agus neamhbhreitiúnach atá inti. Chomh cinnte is a bhfuil an Cháisc ar an Domhnach, tá Holly ag baint an-sult as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire scoile.

Dúirt Holly liom gurbh í Bliain 6 and bhliain is fearr go dtí seo mar is í an bhliain dheireanach sa scoil í agus tá ag éirí go hiontach le gach duine i rang Banba, Éiriú agus fiú Fódhla!

Ach é sin ráite, luaigh Holly liom go bhfuil Bliain 6 thar a bheith dian ach tá sí ag baint an-taitnimh as cúrsa na hArdteiste. Is breá le Holly an dúshlán a bhaineann leis. Luaigh sí liom go bhfuil an díocas uirthi i mbliana agus déanfaidh sí a míle dícheall barr a cumais a bhaint amach.

Dúirt sí liom go bhfuil an-luí aici leis an scoil agus an eitic atá inti; atmaisféar spraíúil, cairdiúil agus cabhrach agus meon iontach dearfach atá i gColáiste Ghlór na Mara. Is breá léi an chaoi a bhfuil gach duine sa scoil chomh mór le chéile agus gur cosúil le teaghlach mór, amháin muid. Chomh maith leis sin, is breá le Holly an tslí ina bhfuil lucht na hArdteiste ag tarraingt ar na maide le chéile agus gach duine ag obair as lámh a chéile.

Bhí focal faoi leith ag Holly do Mhúinteoir Cian. Luaigh Holly liom go bhfuil sé chomh tuisceanach, foighneach, cairdiúil agus cabhrach leis na scoláirí. Is léir go bhfuil ardmheas ag Holly ar Chian agus í ag rá gur múinteoir agus duine iontach é!

Tá suim mhór ag Holly sa spórt. Is breá léi an chispheil agus an Pheil Ghaelach! Is é Steph Curry agus LeBron James’s na t-imreoirí is ansa léi. Is iad an Stair agus an Ghaeilge na hábhair is fearr le Holly. Baineann sí an-taitneamh chomh maith as an rang LCPE agus an Múinteoir Emer ina bun. Dar le Holly, is múinteoir den scoth í Emer agus tá a cuid ranganna chomh spéisiúil agus suimiúil!

An chloch is mó atá ar phaidrín Holly i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara