Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin: Donnchadh Mac Conchra

06-Márta-24
Cinnire Céadaoin: Donnchadh Mac Conchra

Donnchadh agus Colette, Ardchinnirí na Scoile 2023-2024

Tá an t-ádh dearg oraibh inniu, a chairde, toisc Ardchinnire eile againn faoi agallamh ag Múinteoir Eimear Curtin do Chinnire Céadaoin. Tugann Donnchadh a chuid eolais dúinn faoina bhliain mar Ardchinnire, chomh maith le moladh ceoil iontach!

Ainm: Donnchadh Mac Conchra

Aois: 18

Comhartha an Zodiac: Libra

Ceoltóir / Banna ceoil is fearr leat: Talisk

An spórt is fearr leat: Lúthcleasaíocht

An fhoireann spóirt is fearr leat: An Mhí

An t-ábhar scoile is fearr leat: Staidéar Foirgníochta

An t-ábhar scoile is measa duit: Spáinnis

An duine a thugann spreagadh duit: Mo Mham

Cá fheiceann tú tú féin i gceann 5 bhliain: Mar leictreoir

Cén fáth ar chur tú isteach ar an bpost mar chinnire?

Chur mé isteach ar an bpost mar chinnire de bharr gur maith liom daltaí sóisearacha a spreagadh agus cúnamh a tabhairt dóibh mar uaireanta bíonn sé deacair ar dhaltaí sóisearacha athrú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil agus cuimhníonn liom féin cé comh deacair is a bhí sé athrú.

Conas mar a bhí do bhliain mar chinnire go dtí seo (na buaicphointí, na rudaí deacra srl)?

Go dtí seo, tá dea-eispéireas agam leis an mbliain mar chinnire. Táim ag baint suilt as a bheith ag cabhrú leis na múinteoirí agus ag eagrú imeachtaí.

Dá bhféadfá labhairt leat féin i mbliain 1 arís, cad iad na moltaí go dtabharfá duit féin?

Dá mbeinn in ann rud amháin rá liom féin i mBliain a hAon, déarfainn liom féin páirt a ghlacadh i ngach rud agus léimt ar gach seans a fhaigheann tú. Beidh eispéireas i bhfad níos fearr agat leis an scoil.

Cad iad na moltaí atá agat d’éinne a bhfuil ag iarraidh bheith mar chinnire amach anseo?

Déarfainn leo nach díreach meangadh gáire agus spraoi é ról mar chinnire agus go bhfuil obair i gceist leis an ról ach go bhfuil go leoir sásaimh leis an ról nuair a fheiceann tú do chuid oibre!

Feabh 04
2025
Bréagscrúduithe/Mocks (Bliain 3 agus 6)
Feabh 06
2025
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 2)/Parent Teacher Meetings (2nd Year)
Feabh 17
2025
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Feabh 27
2025
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 3)/Parent Teacher Meetings (3rd Year)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara