Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin (Sinéad)

02-Márta-22
Cinnire Céadaoin (Sinéad)

Sinéad (Cinnire Scoile 2021-2022)

Is scoláire iontach í Sinéad Cinsealach, iníon léinn den scoth a oibríonn chomh crua agus atá ag baint fíorthaitnimh as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire i gColáiste Ghlór na Mara. Creid é nó ná creid, ba mhaith le Sinéad leigheas a dhéanamh as seo amach. Cinnte beidh sé seo an-deacair a bhaint amach ach mar sin féin, tá sí ag obair go dian. Creideann na múinteoirí ar fad sa scoil go mbainfidh Sinéad é seo amach mar gheall ar an sár-obair atá déanta aici sa rang le cúpla bliain anuas. Dúirt Sinéad liom ar maidin cé go bhfuil sé dúshlánach, tá sí ag baint an-taitnimh as clár na hArdteistiméireachta. Tá suim mhór ag Sinéad sa rugbaí! D’imir sí rugbaí ag leibhéal an-ard le hÉirinn agus le cúige Laighean! Cinnte de, is éacht iontach í seo agus tá an scoil an-bhródúil aisti. Chomh maith leis sin, is breá léi a bheith ag imirt peile ar son na scoile. Dúirt sí liom chomh maith gur iad an Béarla agus an tíreolaíocht na hábhair is fearr léi ar scoil.

Is breá léi Béarla agus is breá léi ranganna John dúirt sí gur múinteoir iontach é. Luaigh sí gur múinteoir an dian é John a bhíonn ag súil le hardchaighdeán sa rang go rialta! Taitníonn sé seo go mór léi. An sprioc is mó atá ag Sinéad i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist. An chomhairle atá aici don ghlúin óg ná chun taitneamh a bhaint as a gcuid ama sa mheánscoil mar is gearr go mbíonn an t-am imithe.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara