Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin (Ryan)

01-Nollaig-21
Cinnire Céadaoin (Ryan)

Ryan, Ardchinnire na Scoile 2021-2022

Is scoláire álainn amach is amach é Ryan atá ag baint an-sult as an bhfreagracht atá aige i mbliana agus é ag obair mar Chinnire. Is éasca Ryan a aithint mar gheall ar an “mullet” atá aige – an folt fada, cathach, gruaige sin!

Dúirt Ryan liom go bhfuil Bliain 6 thar a bheith dúshlánach ach mar sin féin, tá sé ag baint an-taitnimh as cúrsa na hArdteistiméireachta. Ina theannta sin, dúirt sé liom go bhfuil an-luí aige leis an scoil mar gheall ar an atmaisféar agus an meon iontach, dearfach agus cabhrach atá inti. Is breá leis an chaoi a bhfuil gach duine sa scoil chomh mór le chéile agus gur cosúil le teaghlach mór, amháin muid.

Bhí focail faoi leith ag Ryan do Mhaedhbh, Príomhoide na scoile, mar gheall go bhfuil sí chomh lách, tuisceanach, foighneach agus chomh cairdiúil le pobal iomlán na scoile. Is léir go bhfuil ardmheas aige uirthi agus é ag rá gur príomhoide iontach í!

Tá suim mhór ag Ryan sa Spórt. Is breá leis a bheith ag caitheamh geansaí na scoile san iomáint, sa pheil agus sa chispheil. Is iad an Stair agus an Ghaeilge na hábhair is ansa leis. Baineann Ryan an-taitneamh as an rang Staire agus an Múinteoir Fiachra ina bhun. Is múinteoir den scoth é Fiachra, dar le Ryan, agus deir sé go bhfuil a chuid ranganna chomh spéisiúil agus suimiúil!

An sprioc is mó atá ag Ryan i mbliana ná a dhícheall a dhéanamh san Ardteist. An chomhairle atá aige don ghlún óg ná an obair a chur isteach go leanúnach. Mar a deir an seanfhocal:

“An té nach gcuireann san earrach, ní bhaineann sé san fhómhar.”

Scríofa ag Múinteoir Macdara, 01-12-2021

Bealt 30
2022
Scrúduithe an tSamhraidh
Meith 08
2022
Scrúduithe Stáit
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2022 Coláiste Ghlór na Mara