Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin (Jessica)

09-Márta-22
Cinnire Céadaoin (Jessica)

Jessica (Cinnire Scoile, 2021-2022)

Is scoláire iontach éirimiúil í Jessica; iníon léinn den scoth a oibríonn chomh crua agus atá ag baint fíorthaitnimh as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire i gColáiste Ghlór na Mara. Creid é nó ná creid, ba mhaith le Jessica leigheas a dhéanamh agus é mar aidhm aici a bheith ina dochtúir.

“Is féidir leat fíordhifríocht a dhéanamh i saolta daoine trí chabhrú le pian agus fulaingt a mhaolú.” a deir sí. Cinnte de, is gairm í ar a bhfuil meas ag Jessica.

Chun staidéar a dhéanamh ar leigheas, tá na pointí an-ard, faraor! Beidh sé seo an-dhúshlánach a bhaint amach ach mar sin féin, tá sí ag obair go dian. Dúirt Jessica liom gur oibrigh sí chomh dian sin ar scoil le 5 bliana anuas.

Tá sár-obair déanta aici sa rang! Dúirt Jessica liom ar maidin cé go bhfuil sé dúshlánach, tá sí ag baint an-taitnimh as clár na hArdteistiméireachta. Tá suim mhór ag Jessica sa Cispheil. Bhí sí ina captaen ar fhoireann chispheile na scoile. Taitníonn cispheil go mór léi agus is cinnte go bhfuil an scoil an-bhródúil aisti.

Chomh maith leis sin, is breá léi a bheith ag imirt peile ar son na scoile. Dúirt sí liom chomh maith gur iad an bhitheolaíocht le Múinteoir Alice agus an tíreolaíocht le Múinteoir Cian na hábhair is fearr léi ar scoil. Dúirt Jessica liom freisin gur breá léi am a chaitheamh le Múinteoir Fiona agus go bhfuil caidreamh iontach acu agus gur múinteoir iontach greannmhar í a bhfuil Gaeilge den scoth aici.

An sprioc is mó atá ag Jessica i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist. An chomhairle atá aici don ghlúin óg ná chun taitneamh a bhaint as a gcuid ama sa mheánscoil mar is gearr go mbíonn an t-am imithe agus a bheith ag obair chomh crua agus is féidir leat sa chéad bhliain agus a chinntiú a bheith cairdiúil agus deas le gach duine i do rang.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara