Ellie Rose, Cinnire Scoile 2021-2022
Is scoláire iontach í Ellie Rose atá ag baint fíorthaitnimh as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire i gColáiste Ghlór na Mara.
Cé go bhfuil sé dúshlánach, tá sí ag baint an-taitnimh as clár na hArdteistiméireachta. Tá suim mhór ag Ellie Rose sa chispheil agus is breá léi a bheith ag imirt ar son na scoile. Chomh maith leis sin, is iad an stair agus an tíreolaíocht na hábhair is fearr léi ar scoil. An sprioc is mó atá ag Ellie Rose i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist. An chomhairle atá aici don ghlúin óg ná chun taitneamh a bhaint as a gcuid ama sa mheánscoil mar is gearr go mbíonn an t-am imithe.