Daniel (Cinnire Scoile 2022-2023)
Le haghaidh #CinnireCéadaoin na seachtaine seo, labhraíonn Múinteoir Macdara le Daniel Ó Faircheallaigh
Is Scoláire fíor álainn é Daniel Ó Faircheallaigh atá ag baint an-sult as an bhfreagracht atá aige i mbliana agus é ag obair mar chinnire.
Dúirt Daniel liom go bhfuil Bliain a 6 thar a bheith dúshlánach ach mar sin féin, tá sé ag baint an-taitnimh as cúrsa na hArdteiste. Luaigh sé liom go bhfuil an Mata an deacair dó i mbliana agus cinnte is é seo an dúshlán is mo atá aige go dtí seo.
Ina theannta sin, dúirt sé liom go bhfuil an-luí aige leis an scoil mar gheall ar an atmaisféar agus an meon iontach dearfach agus cabhrach atá inti. Is breá leis an chaoi a bhfuil gach duine i mBliain 6 chomh mór le chéile agus gur cosúil le teaghlach mór, amháin iad. Thug Daniel faoi deara i mbliana go bhfuil gach duine tar éis éirí an ghar dá chéile agus gur iontach an rud é seo!
Bhí focail faoi leith ag Daniel do Mhúinteoir Katie, mar gheall go bhfuil sí chomh lách, tuisceanach, foighneach agus chomh cairdiúil le pobal iomlán na hArdteiste. Ba léir go bhfuil ardmheas aige uirthi agus é ag rá gur Múinteoir agus ceannaire iontach í!
Baineann Daniel an-taitneamh as an rang Béarla agus an Múinteoir Niamh ina bhun. Dar leis, is múinteoir den scoth í Niamh agus go bhfuil a chuid ranganna chomh spéisiúil agus suimiúil!
An sprioc is mó atá ag Daniel i mbliana ná a dhícheall a dhéanamh san Ardteist. An chomhairle atá aige don ghlún óg ná an obair a chur isteach agus chomh maith leis sin cinntiú go bhfuil grúpa maith cairde agat! Dúirt Daniel go bhfuil sé an tábhactach cairde maithe a bheith agat!