Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin (Conor Ó Dúill)

01-Feabhra-23
Cinnire Céadaoin (Conor Ó Dúill)

Conor, Cinnire Scoile 2022-2023

Is scoláire iontach, lách, cairdiúil agus cinéalta é Conor Ó Dúill. Scoláire é Conor atá thar a bheith cliste agus cumasach atá ag baint fíorthaitnimh as an bhfreagracht atá aige i mbliana agus é ag obair mar chinnire i gColáiste Ghlór na Mara.


Cé go bhfuil sé dúshlánach (go háirithe an rang mata le Múinteoir Órlagh!)tá Conor ag baint an-taitnimh as clár na hArdteistiméireachta. Luaigh Conor liom go dtaitníonn an chumacht ar fad atá acu i mbliana mar gurbh iad na daltaí is sine sa scoil. Luaigh sé liom cé chomh deacair is atá sé coinneáil suas leis an staidéar agus leis an bhfoghlaim. Cinnte is breá leis an dúshlán agus oibríonn Conor chomh crua agus is chomh cinnte is a bhfuil an Cháisc ar an Domhnach, tá Conor ag obair go dian!

Is breá le Conor an rang Spáinnise . Luaigh sé liom go mbaineann sé fiorthaitneamh as an rang sin. Is é an Múinteoir Tómas atá ina bhun. Luaigh sé chomh maith gur muinteoir iontach é agus go bhfuil sé chomh lach, tuisceanach, foighneach agus chomh cairdiuil le pobal iomlan na scoile. Chomh maith leis sin, dúirt go bhfuil tuiscint iontach ag Múinteoir Tómas ar a chuid scoláirí. Tá suim mhór ag Conor sa rac-ceoil ach go háirithe! Is breá leis rac-ceoil agus tá sé thar a bheith paiseanta faoi.

Chomh maith leis sin, is breá leis a bheith ag seinm ar son na scoile agus is breá leis an rang ceoil go gínearálta le Múinteoir Síobhán. Dúirt Conor liom go bhfuil an ceol níos tábhachtaí ná riamh i saol an duine óig agus faraor sa lá atá inniu ann tá i bhfad an iomarca ama caite ag daoine óga sáite sna meáin shóisialta. Bhí pointe iontach eile ag Conor maidir leis an gceol go tugtar deis don duine óg machnamh a dhéanamh orthu féin. Is deis a thugtar scíth a ligean agus sos a thabhairt don inchinn. Fresin, bíonn ceachtanna le foghlaim ó lirící.

An sprioc is mó atá ag Conor i mbliana ná a dhícheall a dhéanamh san Ardteist. An chomhairle atá aige don ghlúin óg ná chun taitneamh a bhaint as a gcuid ama sa mheánscoil mar is gearr go mbíonn an t-am imithe agus chun tosú ag staidéar go luath ar scoil agus taitneamh a bhaint as an bpróiseas agus gan rudaí a fhágáil ar an méar fhada maidir leis an staidéar.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara