Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin (Áine)

15-Nollaig-21
Cinnire Céadaoin (Áine)

Áine, Cinnire Scoile 2021-2022

Is scoláire den scoth í Áine Wayne. Cailín lách, cóir, cineálta agus neamhbhreitiúnach atá inti. Chomh cinnte is a bhfuil an Cháisc ar an Domhnach, tá Áine ag baint an-sult as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire scoile.

Dúirt Áine liom go bhfuil Bliain a 6 thar a bheith dian ach mar sin féin, tá sí ag baint an-taitnimh as cúrsa na hArdteiste. Is breá le hÁine an dúshlán a bhaineann leis. Luaigh sí liom go bhfuil an díocas uirthi i mbliana agus déanfaidh sí a míle dícheall barr a cumais a bhaint amach.

Dúirt sí liom go bhfuil an-luí aici leis an scoil agus an eitic atá inti; atmaisféar spraíúil, cairdiúil agus cabhrach agus meon iontach dearfach ag cách. Is breá léi an chaoi a bhfuil gach duine sa scoil chomh mór le chéile agus gur cosúil le teaghlach mór, amháin muid. Chomh maith leis sin, is breá le hÁine an tslí ina bhfuil lucht na hArdteiste ag tarraingt ar na maide le chéile agus gach duine ag obair as lámh a chéile.

Bhí focal faoi leith ag Áine do Mhúinteoir Siobháin, Ceannaire Bliana ar Bhliain a 6. Tá sí chomh tuisceanach, foighneach, cairdiúil agus cabhrach leis na scoláirí uile. Is léir go bhfuil ardmheas ag Áine uirthi agus í ag rá gur múinteoir agus duine iontach í!

Tá suim mhór ag Áine sa spórt. Is breá léi an chispheil agus is é Míchael Jordon an t-imreoir is ansa léi. Is iad an bhitheolaíocht agus an tíreolaíocht na hábhair is ansa le hÁine. Baineann sí an-taitneamh as an rang bitheolaíochta agus an Múinteoir Alice ina bun. Dar le hÁine, is múinteoir den scoth í Alice agus tá a cuid ranganna chomh spéisiúil agus suimiúil!

An chloch is mó atá ar phaidrín Áine i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist.

Scríofa ag Múinteoir Macdara, 15-12-2021

Bealt 30
2022
Scrúduithe an tSamhraidh
Meith 08
2022
Scrúduithe Stáit
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2022 Coláiste Ghlór na Mara