Ailbhe, Cinnire Scoile 2021-2022
Is scoláire den scoth í Ailbhe atá ag tarraingt go maith le gach duine i mbliain a 6. Cailín cairdiúil, lách, cóir agus cineálta atá inti. Chomh cinnte is a bhfuil an Cháisc ar an Domhnach, tá sí ag baint an-sult as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire scoile. Luaigh sí liom go bhfuil sí ag baint an-taitnimh as an bpróiseas.
Dúirt Ailbhe liom go bhfuil Bliain a 6 thar a bheith dian; go bhfuil an t-ualach oibre chomh deacair agus trom faraor. Ach mar sin féin, tá sí ag baint an-taitnimh as cúrsa na hArdteiste. Is breá le hAilbhe an dúshlán a bhaineann leis. Luaigh sí liom go bhfuil an díocas uirthi i mbliana agus déanfaidh sí a míle dícheall barr a cumais a bhaint amach.
Dúirt sí liom go bhfuil an-luí aici leis sa scoil agus an eitic atá inti; atmaisféar spraíúil, cairdiúil agus cabhrach agus meon iontach dearfach atá sa scoil iontach seo. Is breá léi an chaoi a bhfuil gach duine sa scoil chomh mór le chéile agus gur cosúil le teaghlach mór, amháin muid. Chomh maith leis sin, is breá le hAilbhe an slí ina bhfuil lucht na hArdteiste ag tarraingt ar na maidí le chéile agus gach duine ag obair as lámh a chéile.
Bhí focal faoi leith ag Ailbhe do Mhúinteoir Róisín; is breá le hAilbhe ranganna bitheolaíocht an Mhúinteora Róisín. Dúirt sí liom go bhfuil Múinteoir Róisín chomh tuisceanach, foighneach, cairdiúil agus cabhrach leis an rang ar fad. Is léir go bhfuil ardmheas ag Ailbhe uirthi agus í ag rá gur múinteoir agus duine iontach í!
Tá suim mhór ag Ailbhe sa spórt. Is breá léi an chispheil agus is é LeBron James an t-imreoir is ansa léi.
An chloch is mó atá ar phaidrín Ailbhe i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.
An chomhairle atá ag Ailbhe don ghlún óg ná an obair a chur isteach go leanúnach. Mar a deir an seanfhocal:
“An té nach gcuireann san earrach, ní bhaineann sé san fhómhar.”