Coláiste Ghlór na Mara

Ceoldráma CGNM 2024: 'High School Musical'

22-Nollaig-23
Ceoldráma CGNM 2024: 'High School Musical'

Tá an-áthas ar Choláiste Ghlór na Mara a fhógairt gurb é 'High School Musical' de chuid Disney an ceoldráma atá roghnaithe againn i mbliana. Beidh an seó ar siúl ar an 15ú, 16ú agus 17ú Aibreán 2024.

Tá Múinteoirí Niall, Siobhán, Orna, Fiona agus Rónán ag tacú leis an Idirbhliain chun an ceoldráma aitheanta ' High School Musical' a chur ar stáitse. Tá go leor cleachtaidh déanta agus tá an fhoireann cheoldrámaíochta ag súil go mór le hAcht 1 a chríochnú san athbhliain.

Tá canadh, ceol agus damhsa ar siúl agus daltaí na hidirbhliana ag léiriú spiorad iontach ag gach uile cleachtadh.

An t-amhrán is fearr linn faoi láthair ná 'Tús le Rud Úrnua' (The start of something new'). Tá an fhoireann cheoldrámaíochta an-bhuíoch do na daltaí scoile atá ag feidhmiú mar mhúinteoirí damhsa agus iad ag cur an-obair isteach ag cruthú gach damhsa don seó.

Príomhrólanna

Troy - Matthew Ó Cochláin

Gabriella - Lily Nic Mhanais

Chad - Cathal Mac Conchra

Taylor - Emma Ní Nualláin

Sharpay - Lara Ní Rónáin

Ryan - Micheál Ó Cathail

Iníon Darbus - Doireann Ní Mhaonaigh

Coach Bolton - Liam Ó Gallchóir

Zeke - Harry Pacelli

Jason - Martin Todero

Jack Scott - Jake Thunder

Múinteoirí Damhsa:

Amber Nic Stiofáin

Emma Ní Nualláin

Xylan Ó Lionnáin

Katie Ní Eathraín

Eva Ní Bhriain

Lillia Breathnach

Laoise Ní Mhurchú

Ceoldráma CGNM 2024: 'High School Musical'Ceoldráma CGNM 2024: 'High School Musical'
Bealt 16
2025
Searmanas na hIdirbhliana/TY Graduation Ceremony
Bealt 20
2025
Searmanas na Séú Bliana/6th Year Graduation Ceremony
Bealt 26
2025
Scrúduithe an tSamhraidh/Summer Exams
Meith 04
2025
Scrúduithe Stáit/State Examinations (Bliain 3 agus 6)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara