Rinceoirí na scoile ar stáitse don cheiliúradh 10 mbliana!
Tá Coláiste Ghlór na Mara 10 mbliana d’aois i mbliana agus bhí an-áthas orainn tallann ár ndaltaí reatha, ár n-iardhaltaí agus ár bhfoirne a cheiliúradh ag an gCeolchoirm 10 mBliana aréir.
Ag tús na bliana, d’eagraigh Múinteoirí Siobhán agus Turlough éisteachtaí don scoil uile agus cuireadh sceideal le chéile chun na daltaí leis na hachtanna is taitneamhaí a chur ar stáitse don phobal. Bhí meascán álainn idir amhránaíocht, rince, dánta, dreasanna cainte agus scoth an cheoil thraidisiúnta.
Maisíodh an scoil ó bhun go barr chun spiorad na Nollag a chur chun cinn agus thaitin an t-atmaisféar geimhriúil go mór le cách. Míle buíochas le Grove Farm i mBaile an Bhiataigh a thug crann Nollag draíochtúil dúinn don ócáid. Bail ó Dhia ar Mhúinteoir Caroline agus ealaíontoirí na scoile a chruthaigh an stáitse le bheith cosúil le fochla Daidí na Nollag!
D’oibrigh Múinteoirí Andrea agus Kayleigh go crua lena n-eilfeanna Nollag chun brioscaí agus daoine sinséara a bhácáil don ócáid agus bhain an slua an-taitneamh astu san aitriam, a bhí ar nós na Laplainne!
Bhí Amharclann na Mara lán go béal don seó agus tá muid fíorbhuíoch as ár gcuairteoirí ar fad a tháinig chun 10 mBliana d’oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal i mBaile Brigín a cheiliúradh agus tacaíocht a thabhairt do Naomh Uinseann de Pól. D’ardaigh muid €1,200 le linn na hoíche. Míle buíochas le Rang Lir a stiúraigh an raifil agus leis na comhlachtaí áitiúla a thug urraíocht dúinn.
Labhair Príomhoide Maedhbh agus Múinteoir Bláithín faoi rath na scoile i gcaitheamh na mblianta agus thug siad aitheantas do Chlodagh Ní Mhaoilchiaráin agus Tim Ó Tuachaigh, cathaoirleach agus iarchathaoirleach ar an mBord Bainistíochta agus baill bhunaithe na scoile. Ar ndóigh, tugadh aitheantas do Ghráinne, rúnaí na scoile, atá tar éis fás na scoile a fheiceáil ón gcéad lá riamh.
Mar fhocal scoir, caithfear buíochas a ghabháil le hAndrew Minto agus Siobhán Nic Cana, Ardchinnirí na scoile agus fear/bean an tí aréir. Stiúraigh siad an seó le gairmiúlacht agus le greann ó thús deiridh agus chuir siad an-bhród ar a muintir agus ar phobal na scoile.
Achtanna:
Daniel Minto - Dán a scríobh sé
Doireann, Sophia, Carla agus Michael - ‘Ceann Scríbe, Áit ar Bith’ - Na Commitments 2022
Noya agus Aoibheann - ‘Slipping Through my Fingers’ - Mamma Mia: Stíl Bhaile Brigín 2018
Clann Mhic Conchra - Ceol Traidisiúnta
Lára Ní Rónáin - ‘Hopelessly Devoted to You’ - Grease Beo go Deo 2020
Róisín, Charlotte, Amber, Aoibheann agus Noah - Rince Gaelach, Tonnta na Mara
Sarah Nic Aoidh - 'The Winner Takes it All’ - Mamma Mia: Stíl Bhaile Brigín 2018
Erin Ní Chearra - Sliocht ó ‘Life Ceremony’ le Sayaka Murrati
Poppy, Ava-Mae, Evie, Clodagh agus Clara - ‘Saibhreas Saibhreas Saibhreas’ - Mamma Mia: Stíl Bhaile Brigín 2018
Hannah agus Aoibhe Ní Mhórdha - ‘Beauty and the Beast’ - Breáthacht agus an Brúid 2023
Carla agus Martin - Wicked
Darragh Ó Baíolláin - The House of the Rising Sun
An Grúpa Ceoil Thraidisiúnta
Micheál Ó Cathail - Tattoo
Cór na Scoile, á stiúradh ag Múinteoir Turlough - ‘We’re Walking in the Air’ agus ‘Bualadh Bos’
Lara, Doireann, Martin, Emma, Carla, Mícheál - Florence & The Machine As Gaeilge