Coláiste Ghlór na Mara

Campa Samhraidh 2024

27-Lúnasa-24
Campa Samhraidh 2024

Aghaidheanna sásta ag an gcampa samhraidh!

Don tríú bliain as a chéile, d'eagraigh CGNM campa samhradh do scoláirí a bhí ag iarraidh spraoi, craic agus cairdeas a chruthú trí mheán na Gaeilge. Bhí an campa faoi stiúradh ag triúr dár múinteoirí féin, Alice, Danielle & Rónán.

I rith na seachtaine, fuair na scoláirí atá ag teacht chuig CGNM blaiseadh de na himeachtaí éagsúla a chuirtear ar fáil sa scoil. Bhí cluichí agus spórt ar siúl le Rónán. Rinne gach duine cluichí nua, fuair siad deis boghdóireacht a dhéanamh agus léirigh siad sár obair foirne agus iad ag obair lena chéile.

Chun an fuinneamh a fháil do na himeachtaí sin bhí Danielle sa chistin lena scoláirí. Bhí píotsaí á dhéanamh chomh maith le muifíní agus brioscaí á mbácáil. Dúirt Danielle go raibh roinnt daoine tharr barr sa chistin, agus roinnt daoine gur cheart dóibh níos mó cleachtaidh a dhéanamh sa rang Eacnamaíochta Baile!

Ar deireadh, bhí Alice sa tsaotharlann ag déanamh roinnt ealaíne agus eolaíochta. Chaith na scoláirí roinnt ama ag obair ar rollchostóir a dhearadh, turgnaimh a dhéanamh agus ní raibh siad ag iarraidh an tsaotharlann a fhágáil nuair a bhí orthu grúpaí a rothlú.

Bhí an t-ádh orainn éalú ón scoil do lá amháin chuig an trá sna Sceirí. Bhain na páistí fíorthaitneamh as a bheith ag snámh, ag spraoi sa ghaineamh agus dar ndóigh an comórtas bhliantúil caisleán gaineamh a bhíonn sár-iomaíocht ann gach bliain. Chríochnaigh muid an lá sin le huachtar reoite sula ndeachaigh muid ar ais chuig an scoil agus gach duine ar mhuin na muice.

Mar a tharlaíonn gach bliain, chríochnaigh an campa le troid uisce. Baineann na scoláirí fíorthaitneamh as seo ach ní dóigh liom go mbíonn aon duine ag súil chomh mór leis agus a bhíonn múinteoir Rónán. Ní hamháin sin ach bhí píotsa agus uachtar reoite againn chun críoch álainn a chur le seachtain den chéad scoth.

Tá fás agus forbairt tar éis theacht ar an gcampa gach bliain agus gan dabht beidh muid ar ais arís an bhliain seo chugainn chun na rudaí is fearr faoi CGNM a léiriú dár scoláirí féin, scoláirí nua agus iad siúd nach bhfuil linn ach ar feadh na seachtaine.

Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024Campa Samhraidh 2024
M.Fómh 26
2024
Oíche Oscailte/Open Evening
M.Fómh 30
2024
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 17
2024
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 5)/Parent Teacher Meetings (5th Year)
D.Fómh 28
2024
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara