Coláiste Ghlór na Mara on the Path to Becoming an ADHD-Friendly School
Táimid bródúil a fhógairt go bhfuil Coláiste Ghlór na Mara ar an mbealach le bheith creidiúnaithe mar Scoil Chairdiúil do ADHD! Is tionscnamh é seo faoi stiúir ADHD Ireland, a bhfuil sé mar aidhm aige timpeallacht thacúil, chuimsitheach a chruthú ina bhféadfadh daltaí le ADHD dul chun cinn cuimsitheach a dhéanamh ina n-aistir scoile. Mar chuid den turas seo, tá roinnt dár mbaill foirne dhíograiseacha ag fáil oiliúna le bheith ina Seaimpíní ADHD, agus iad i mbun traenála chun tacaíocht nua agus níos fearr a sholáthar dár ndaltaí.
Tríd an creidiúnú seo a ghlacadh chugainn féin, tá muid ag gealladh timpeallachta foghlama dhearfach, thuisceanach agus struchtúrtha a chothú do gach dalta. Mar chuid den togra seo, beidh straitéisí saincheaptha á gcur i bhfeidhm, feasacht a chur chun cinn i measc an phobail scoile, agus cinnte a dhéanamh go bhfaigheann daltaí le ADHD an spreagadh agus an chabhair atá ag teastáil uathu chun a barr a bhfeabhais a bhaint amach.
Ba mhaith linn a mheabhrú do thuismitheoirí agus do dhaltaí freisin gur féidir leo clárú le haghaidh cruinnithe tacaíochta trí Chlár Tacaíochta & Feasachta ADHD Ireland. Cuireann na cruinnithe seo treoir, acmhainní agus pobal tacaíochta ar fáil. Is féidir leat clárú do na seisiúin atá le teacht anseo: Cruinnithe Tacaíochta ADHD.
I gColáiste Ghlór na Mara, creideann muid go bhfuil an ceart ag gach dalta taithí oideachais a fháil a thugann an chumhacht dóibh le go n-éireoidh leo barr a gcumais a bhaint amach. Tá muid ar bís an chéim thábhachtach seo a ghlacadh chun ár scoil a dhéanamh níos cuimsithí do chách.
Coinnigh súil ar an nuacht is déanaí agus muid ag leanúint ar aghaidh ar an aistear seo! Tuilleadh eolais faoin gclár anseo.
We are proud to announce that Coláiste Ghlór na Mara is in the process of being accredited as an ADHD-Friendly School! This initiative, led by ADHD Ireland, aims to create a supportive, inclusive environment where students with ADHD can thrive. As part of this journey, some of our dedicated staff members are becoming ADHD Champions, equipping themselves with specialized training to better support students.
By embracing this accreditation, we are committing to fostering a positive, understanding, and structured learning environment for all students. This includes implementing tailored strategies, promoting awareness, and ensuring that students with ADHD receive the encouragement and assistance they need to reach their full potential.
We also want to remind parents and students that they can register for support meetings through ADHD Ireland’s Support & Awareness Programme. These meetings offer guidance, resources, and a community of support. You can register for upcoming sessions here: ADHD Support Meetings.
At Coláiste Ghlór na Mara, we believe that every student deserves an educational experience that empowers them to succeed. We are excited to take this important step in making our school a more inclusive place for all.
Stay tuned for updates as we continue on this journey. More info about the programme can be found here.