Bhí bua dochreidte ag an bhfoireann pheile shóisearach i gcoinne Belmayne ETSS inné. Taispeántas an-láidir ón gcúl báire Grace Ní Longáin ó bhliain 2 agus na cosainteoirí - níor scaoil siad ach 1-3 sa chluiche.
Obair na gcapaill ag an Niamh agus Holly i lár na páirce, mar is gnáth agus ardscilenna léirithe ag na tosaithe a d’aimsigh scórlíne thar a bheith éachtach. Bhí an fhoireann an-bhuíoch don tacaíocht a bhí ar fáil dóibh ó sheanthuismitheoirí Emma Ní Mhainnín chomh maith agus bhí siad mar chuid den chaint leis an bhfoireann ag deireadh chun comhgairdeachas a rá leis an na cailíní. Bogaimid ar aghaidh chuig an gcluiche ceathrú ceannais i Laighin anois.
Míle buíochas le Múinteoirí Sinéad agus Katie B na mná a spreagadh chomh fada seo!