Coláiste Ghlór na Mara

Bua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha Cliath

13-Eanáir-26
Bua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha Cliath

An Fhoireann bhuacach

Alt thíos le Múinteoir Cillian Ó Néill

Táimid thar a bheith bródúil as ár mbua i gCraobh Iománaíochta Bhaile Átha Cliath Fé 16, tar éis cluiche corraitheach in aghaidh Choláiste Pobail Bhaile Fhearais i mBaile an Aba. An chéad fhoireann iománaíochta a bhuaigh comórtas riamh i stair CGNM.

Níor thosaigh an cluiche inár bhfabhar, mar ghlac an fhoireann eile an buntáiste luath agus bhí 1-2 faighte acu tar éis cúig nóiméad. D’fhán na buachaillí sa chluiche agus le cosaint den scoth, thosaíomar de réir a chéile ag aimsiú ár rithime.

Thug gach imreóir taispeántas iontach duinn; ach go háirithe na cosanteóirí sa líne lánchúil, Jayden Mac Eachmharchaigh, Fionn Ó Longáin agus Pádraic Mac Uilliam agus thosaíomar ag ghlachadh smachta ar fud na páirce. Chabhraigh ceannaireacht Senan Ó Dúill, Caiden Mac Aoidh agus Ruairí Ó Cáthail go mór, freisin, agus muid ag glacadh smachta ar an gcath i lár na páirce.

D’éirigh leis an bhfoireann eile cúl a fháil le deich nóiméad fágtha sa chéad leath, ach léirigh ár mbuachaillí carachtar agus crógacht iontach, ag obair go dícheallach chun teacht ar ais sa chluiche. In ainneoin na freagartha láidre sin, bhíomar cúpla phointe thíos ag leath ama.

Sa dara leath, áfach, tháinig casadh iontach ar an gcluiche, agus chuir ár bhfoireann an freasúra faoi chois go hiomlán le cosaint den scoth agus ionsaí thar cionn. Chruthaigh ár líne lántosaithe, Danny Ó Seanacháin, Luke Ó hEachthigheirn agus Eoghan Mac Cába, go leor fadhbanna do chosainteóirí an fhreasúra agus bhíomar chun cinn deich nóiméad isteach sa dara leath.

Bhí ár bpríomhscórálaí ar an lá, Cathal Ó Meiscil, a scóráil 2-5, i gceannas ar an ionsaí le críochnú den scoth, rud a chuidigh linn buntáiste mór a thógáil. Le cúig nóiméad déag fágtha, chuireamar Senan Ó Dúill sa chúl agus thugamar ár gcaptaen Conall Ó Grádagh isteach sa chluiche. Thug Conall taithí, ceannaireacht agus críochnú oilte dúinn agus thosaigh an bearna ag méadú agus ag méadú.

Níor athraigh aon rud nuair a tháinig na himreoirí ionaid ar an bpáirc. Is iad Jake Ó Faighen, Mossy Ó hAllúin, Harry Mac Seáin, Tadhg Mac Éinrí agus Oisín Ó Ruiséil an chúis gur choimeádamar ár mbuntáiste slán agus gur chuireamar tuilleadh pointí leis an scór. Thug na leaids taispeántas den chéad scoth.

Le linn an deich nóiméad deireaneach bhí na buachaillí dochreidte ar fad, ag críochnú an chluiche le stíl agus ag teacht i dtír ar bhua cuimhneacháin, 18 bpointe chun cinn. Comhghairdeas le gach duine a bhí bainteach leis an bpainéal, leis an lucht tacaíochta, leis na múinteoirí agus lenár bpríomhoide Maedhbh agus ár leas-phríomhoide Fiachra as cabhrú linn an bua stairiúil seo a bhaint amach. CGNM abú!

Míle buíochas le Tadhg Ó hÉilí, Bliain 1, a ghlac na grianghraif aicsin.


Article below by Múinteoir Cillian Ó Néill

We are incredibly proud to celebrate our Dublin Under 16 Hurling Championship victory following a thrilling contest against Firhouse Community College in Abbotstown. Our very first hurling team to win a championship!

The game did not start in our favour, as the opposition raced into an early lead by scoring 1-2 to our 1 point. The lads overcame the tough start and through some excellent defensive play we began to find ourselves slowly finding our stride.

Some excellent defensive clearances by Jayden Mac Eachmharchaigh, Fionn Ó Longain agus Pádraic Mac Uilliam gave us a confidence boost and we began to dominate all over the pitch. The leadership of Senan Ó Dúill, Caiden Mac Aoidh and Ruairí Ó Cáthail especially helped as we took control of the midfield battle.

The opposition managed to score another goal with ten minutes left in a tight first half, but our lads showed great character and determination, working tirelessly to claw their way back into the match. Despite this strong response, we found ourselves a couple of points down at half-time.

The second half, however, saw a remarkable turnaround, with our team blowing the opposition out of the water through some outstanding defensive performances and brilliant attacking play. Our full forward line of Danny Ó Seanacháin, Luke Ó hEachthigtheirn and Eoghan Mac Cába caused many problems for the oppositions defence and we managed to get in front ten minutes into the second half.

Our top scorer on the day, Cathal Ó Meiscil who scored 2-5, led the charge with superb finishing, helping us build a commanding lead. With fifteen minutes left we put Senan Ó Dúill in goal and brought our captain Conall Ó Grádagh into the game. Conall provided some experience, leadership and expert finishing as we began to pull away.

Some brilliant performances from our substitutes Jake Ó Faighen, Mossy Ó HAllúin, Harry Mac Seáin, Tadhg Mac Éinrí and Oisín Ó Ruiséil ensured we kept our lead in tact and we began to add more scores.

In the final ten minutes the lads were simply fantastic, seeing out the game in style and ultimately finishing 18 points up to secure a memorable championship win. Well done to everyone involved in the panel, the supporters, fellow teachers and our principal Maedhbh and vice-principal Fiachra on helping us to achieve this historic win. CGNM abú!

Thanks to Tadhg Ó hÉilí, 1st Year, for photographing the action shots!

Bua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha CliathBua Iománaíochta i gCraobh Bhaile Átha Cliath
Feabh 03
2026
Bréagscrúduithe/Mocks - Bliain 3 & 6
Feabh 03
2026
Taithí Oibre na hIdirbhliana/TY Work Experience
Feabh 13
2026
Briseadh Meán-Téarma/Mid-Term Break @ 12.45
Márta 05
2026
Cruinniú Tuismitheoirí Bliain 3/3rd Year Parent Teacher Meetings
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara