Lá breá brothallach a bhí ann sa Tulach Mhór inniu do Chraobhacha Uile Éireann na Scoileanna sa raoin agus faiche le Seán Ó Cróinín ann chun a dhícheall a dhéanamh ar son na scoile. Fiú gur chríochnaigh sé a chuid scrúdaithe inné, bhí misean amháin fágtha ag Seán don scoilbhliain seo... Craobh na hÉireann a thabhairt abhaile go CGNM!
Leis an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus an teocht ag 25 céim, thosaigh an rás le luas lasrach leis an grúpa ag fanacht le chéile don chéad 400 méadar le Seán in áit chompórdach. Tar éis é sin, chuaigh Seán suas tríd na giaranna, ag cruthú spáis idir é féin agus an paca, spás a mhéadaigh fad is a bhí an rás ag dul ar aghaidh. Ó bheith ag éisteacht leis an tráchtaireacht, bhí an luas tapaidh go leor chun an churiarracht do 3:55.22 a bhriseadh. Ní raibh aon fhreagra ag an bpaca don leaid as Ros Eo a chríochnaigh le ham do 3:58.08, an t-aon lúthchleasaí ina rás a chríochnaigh lastigh do cheithre nóiméad! A leithéid de bhealach chun an bhliain a chríochnú!
Leis an aicsean déanta aige ar son na scoile, athraíonn fócas leis go dtí cluichí oilimpeacha na hóige agus a am cáiliú a fháilt do na cluichí san. Táimid ar fad lasthiar duit a Sheáin!"
Le Múinteoir Colm