Coláiste Ghlór na Mara

Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023

10-Bealtaine-23
Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023
Bliain 2 in Inis Oírr, 2023

An tseachtain seo caite chaith daltaí na dara bliana trí lá agus dhá oíche in Indreabhán, Conamara. Míle buíochas leis na múinteoirí a d'eagraigh an turas agus a d'fhreastail leo.
Ar an gCéadaoin bhí lá spóirt ag na daltaí ar pháirc Mícheál Bhreathnach. Ghlac siad páirt i rásaí éagsúla, peil, iománaíocht agus sacair. Ina dhiaidh bhí comórtas caisleáin gainnimh ar siúl ar an trá agus chuaigh an dream is cróga ar fad ag snámh!
Ansin, chuir na mná tí fáilte croíúil rompu agus dar le buachaillí rang Bóirimhe, d'ith siad an sicín curraí is fearr a bhí acu riamh le haghaidh dinnéar.
Níos déanaí, bhí an-chraic agus spraoi againn ag an gcéilí. D'fhoghlaim na daltaí damhsa éagsúla ar nós 'Falla Luimnigh' agus 'An Dreoilín!!' gan stró le cabhair ó Max, Dillion Niamh agus Aoife.
Ar an Déardaoin, chaith muid an lá ar Inis Oírr. Bhí turas treoraithe ag na daltaí timpeall an oileáin. D'fhoghlaim siad faoi stair agus scéalta an oileáin agus thug siad cuairt ar an longbhbriseadh "plassey" a bhí le feiceáil ar Father Ted.
Ar an Aoine d'fhág siad slán leis na mná tí agus chaith siad an mhaidin i Pure Skills, Cnoc na Cathrach. Bhí an-iomaíocht ar siúl idir na daltaí (agus múinteoiríí!!) agus agus iad ag imirt cispheile, rugbaí, galf, sacair, iomanaíochta, daorchluiche srl.
Bhain siad an-taitneamh as an turas go Chonamara ní dhéanfaidh siad dearmad go deo air!
Le Múinteoir Fionnuala
Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023Bliain 2 Turas chun na Gaeltachta 2023
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara