Sophia agus Lara i mbun oibre!
Tá an scoil fíorbhródúil as Sophia Ní Athairne atá i ndiaidh €250 a ardú le haghaidh Ospís Naomh Proinsias. Rinne sí brioscaí sa bhaile agus dhíol sí iad ar scoil chun a páirt a dhéanamh don seirbhís fíorthábhachtach seo.
"Phioc mé Ospís Naomh Proinsias mar bhí mo dhaideo ann cúpla bliain ó shin. Bhí gach duine fíordheas dó, agus thug siad aire iontach dó. Rinne mé na brioscaí sa bhaile le mo Dhaid. Go raibh maith agaibh; gach duine a thug cabhair dom. Redgie, Aoibheann, mo Mham agus mo Dhaid, Múinteoir Fiachra, Múinteoir Eimear, agus Múinteoir Orna agus Traci. Comh maith leis sin, go raibh maith agaibh gach duine a cheannaigh na brioscaí."
Comhghairdeachas Sophia agus do chara buan, Lara, as ucht an ghaisce seo a bhaint amach.