Coláiste Ghlór na Mara

Turas Scoile na hIdirbhliana 2024

06-Bealtaine-24
Turas Scoile na hIdirbhliana 2024

Rang na hIdirbhliana 2024 taobh amuigh den Cholosseum

Tar éis dhá eitilt a fháil in aon mhaidin amháin, thug 82 daltaí agus ‘caomhnóirí’ aghaidh ar Pompeii, cathair de chuid na SeanRóimhe. Bhí sé dochreidte a bheith ag siúl timpeall ar na bóithre ársa agus ag breathnú ar na tithe agus siopaí atá cosanta le bheith díreach mar a bhí siad sa bhliain 79AD.

IMG_1698.jpeg

Cé go raibh an aimsir stoirmiúil, níor chuir sin isteach ná amach ar na daltaí iontacha a léirigh dearfacht an t-am ar fad agus rinne siad cinnte taitneamh a bhaint as gach soicind den eispéireas.

17798669-2FFB-42BF-82B6-A5A9809E0294.jpeg

Thit gach aon duine ina gcodladh go héasca i ndiaidh dinnéir agus dhúisigh muid go luath le radharcanna áille den chósta Iodálach, fad is go raibh bricfeasta á ithe againn.

2CB235CA-734F-4627-A9F7-3358647B9BF3.jpeg

Bhí muid píosa buartha faoin aimsir agus ghlac muid vóta chun an mhaidin a chaitheamh i gcathair Sorrento seachas Vesuvius a dhreapadh. Is fíor a rá nach raibh díomá ar dhuine ar bith. Baile draíochtúil ab ea é! Bhí na radharcanna dochreidte agus thaitin na seanshráideanna cúnga gleoite linn go léir.

D2CF2BE8-9DE7-413F-BFD1-EB6DE1B2B6FF.jpeg

Ar aghaidh linn ansin go Napoli, áit a fuair muid turas stiúrtha timpeall ar lár na cathrach. Ní raibh gearán ar bith le cloisteáil nuair a fuair na daltaí am saor chun píotsa a fháil agus tháinig gach duine ar ais le chéile lán go béal agus sona sásta.

BFD827EA-4EF1-4720-AAB4-BF9FEED2273E.jpeg

Chaith muid an oíche in Fiuggi, baile beag álainn sna sléibhte, leathbhealach idir Napoli agus An Róimh. D’eagraigh Clara agus Buí dioscó don ghrúpa agus lean muid le traidisiún turais CGNM a bheith gléasta don bhféasta! Muintir na Tuaithe vs Muintir na Cathrach an téama i mbliana agus sa deireadh, bhí an bua ag na Culchies!

d58904ea-a10d-4edb-ba18-43c7b56d6452.jpeg

An mhaidin dár gcionn, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí an t-atmaisféar leictreach. D’fhág muid an Iodáil ar feadh cúpla uair an chloig chun an lá a chaitheamh i gCathair na Vatacáine. Bhí na gairdíní agus na músaeim go hálainn agus thaitin siad le cách. Chaith roinnt dár ndaltaí thart ar 20 nóiméad díreach ag stánadh ar an síleáil sa Séipéal Sistene agus las go leor againn coinnle dár muintir sa bhaile in Ardeaglais Naoimh Pheadair.

10AF7236-8A4C-4161-B907-E78E9F826729.jpeg

Chaith muid an tráthnóna i gCathair na Róimhe agus thit muid go léir i ngrá leis na Céimeanna Spáinneacha, an Foinse Trevi, an Pantheon agus an pasta!

IMG_2010.jpeg

Ar an gceathrú lá, thosaigh muid an mhaidin sa Cholosseum, áit ar bhuail muid le Frank agus Margarita. Chuir siad turas ar fáil dúinn nach ndéanfaidh duine ar bith againn dearmad air go deo na ndeor.

88CA3AFB-5AEB-4679-8382-91DAC81FE71D.jpeg

Bhí cuid eile an lae againn chun aithne níos fearr a chur ar an Róimh agus bhí gach aon duine réidh agus in am don bhus abhaile.

FFE27AB1-EF76-4396-B410-5F5C829FC806.jpeg

Míle buíochas leis na daltaí a léirigh meas, béasaí agus sceitimíní ó thús deiridh an turais. Chomh maith leis sin, míle buíochas leis na caomhnóirí, Múinteoirí Andrea, Cian, Danielle, Dara, Fiona, Niamh, Róisín, Rónán agus Traci as ucht a gcuid oibre ar fad.

A82C468A-08E3-400F-8035-34C3CAA5F05E.jpeg

Turas 2025… tá bróga móra le líonadh!

Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024Turas Scoile na hIdirbhliana 2024
D.Fómh 22
2024
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 5)/Parent Teacher Meetings (5th Year)
D.Fómh 28
2024
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Samh 18
2024
Scoil Dúnta - Lá Traenála Foirne/School Closed - Staff Training
Samh 25
2024
Scoil Dúnta/School Closed
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara