Coláiste Ghlór na Mara

Turas Scoile - Barcelona 2023

06-Bealtaine-23
Turas Scoile - Barcelona 2023

Rang na hIdirbhliana 2023 i Salou

‘Aoibheann beatha an scoláire' a deirtear, agus nach fíor fós an seanfhocal don 80 daltaí idirbhliana a ndeachaigh ar a dturas scoile go Barcelona ar feadh trí oíche ag deireadh mí Aibreáin!

07F0CC22-C2E0-42DB-B097-A42B83741EB7.jpeg

Bhuail an t-ochtar caomhnóirí leis na daltaí go léir i gColáiste Ghlór na Mara ag 2.45 ar maidin ar an Máirt agus nuair a bhí na pasanna go léir seiceáilte agus gach duine i láthair, bhí muid réidh le dul. Bhí an t-atmaisféar leictreach ar an eitleán!

BEB90CDF-53FD-4EF3-BCC1-BB4C400569E0.jpeg

Agus muid ar thalamh slán i mBarcelona, chuaigh muid díreach chuig músaem ealaíne Picasso agus ar shiúlóid sciobtha timpeall ar an gCeathrú Gothach. Is é ealaín an t-ábhar is fearr le roinnt dár ndaltaí agus chuir Sienna an-spéis sa mhúsaem seo ach go háirithe.

BF2C4706-C944-4CEB-B8FB-CDE06E231211.jpeg

Ní raibh chuile duine aontaithe ar an ealaín ach d’aontaigh muid go léir gur thaitin na sráideanna cúnga ársa go mór linn:

057FE190-CF0D-4196-983D-6602591C4144.jpeg

Ina dhiaidh sin, thug muid cuairt ar mhúsaem eile: CosmoCaixa; an músaem eolaíochta is mó cáil san Eoraip. Thaitin na samhail agus na taispeántais go mór le cách agus bhí an fhoraois bháistí bhréagach dochreidte. Bhí Múinteoir Róisín go mór ina heilimint, ach ní ise amháin a bhí ag baint fíorshúip as:

B2586EF6-CC8B-4E15-A6E9-176D8442F231.jpegAr ais inár mbaile don tseachtain, Salou, cheap muid go raibh muid tagtha chun na Gaeltachta le neart scoileanna Éireannacha eile ag fanacht ann freisin; Coláiste Oirial agus Gael-Choláiste Chill Dara ina measc. Bhí an comhluadar ar fheabhas agus bhí réimse dochreidte bia agus siamsaíochtaí ar fáil san óstán. Ghlac muid turas breá gach oíche timpeall ar Salou agus ní féidir a shéanadh go raibh an-chuid againn faoi dhraíocht ag an mbaile turasóireachta seo cois chósta.

70551E94-18F0-4B07-B9B9-2BDE58AF9314.jpeg

Go luath ar an gCéadaoin, dhúisigh muid chun dul isteach go lár Barcelona ar turas stiúrtha. D’fhoghlaim muid faoi Gaudi agus an ailtireacht iontach i mBarcelona a dhear sé. Chuir Cillian Ó Baíolláin in iúl dúinn go bhfuil sé mar aidhm aige a bheith mar ailtire agus seo an gné ab fhearr leis sa turas. Bhí sé dochreidte an Sagrada Família a fheiceáil i bpearsa; siombail na cathrach agus ceann de na foirgnimh is cáiliúla ar domhan. Deirtear go bhfuil sé 78% críochnaithe anois. Chuir Hannah Ní Mhórdha ceisteanna iontacha ar ár dtreoraí maidir leis na dealbha éagsúla atá ar gach orlach cearnaithe den bhfoirgneamh. D’fhoghlaim muid go ndéanann taobh amháin den bhfoirgneamh aithris ar bhreith Íosa Chríost - lán le híomhánna geala agus sona agus go léiríonn an taobh eile a bhás - é dorcha agus píosa scanrúil!

BE7A176F-3D15-4441-B553-33CD77C11443.jpeg

Fuair gach duine seans lón a fháil i lár na cathrach sular bhog muid ar aghaidh ar charr cábla go Montjuic; ceann de na “páirceanna sléibhe” sa chathair. Bhí na radharcanna ar leibhéal eile agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, ar ndóigh!

D07BF2BD-EBA7-401B-8C40-2A60CB3169FA.jpeg

In ainneoin a cuid gearán an bealach ar fad ó Cambrils go Salou; dúirt Saoirse Taoiling go raibh an rothaíocht ar an imeacht ab fhearr léi le linn an turais. Bhí an turas rothaíochta ar fheabhas. Fuair muid go léir deis an fharraige a fheiceáil fad is go raibh muid ar an aistear agus ba iontach an rud é píosa aclaíochta a fháil ar an turas. Bhí na dathanna gréine go hiontach ina dhiaidh, freisin!

5E5DBE88-7F52-4E5B-8CA8-A5B359011FD1.jpeg

Ar ais ag an óstán, fuair muid deis léimt isteach sa linn snámha roimh dhinnéar agus oíche álainn eile sa bhaile i Salou.

783BB421-4D63-4664-9111-9D63E7648990.jpeg

Ar an Déardaoin, bhuail muid buaicphointe na seachtaine: Port Aventura. Páirc spraoi den scoth a bhí ann agus nach orainn a bhí an t-ádh leis an aimsir bhreá arís. Luaigh Yvonne go bhfuil sí anois ar scor ó na ‘hardcore rollercoasters’ ach bhí neart eile le déanamh sa pháirc: bialanna, caiféanna, seónna stáitse agus atmaisféar álainn go ginearálta.

795E3B1D-CC59-4989-88D8-55928A6B84BD.jpeg

Bhí dioscó ‘dubh agus bán’ ag an óstán don oíche dheireanach agus bhí gach duine pacáilte don turas abhaile roimh am codalta.

Ar an Aoine, ár lá deireanach, dhúisigh muid go luath arís le dul chuig Tarragona; baile de chuid na seanRóimhe. Thug muid cuairt ar an seanbhaile Rómánach agus an amharclann ársa cois fharraige. Deis den scoth a bhí ann neart pictiúr a fháil; idir ‘candid’:

C1358A50-7AEA-43FB-B270-56DEC84E1333.jpeg

Agus ‘féinphiceanna’:

E34C4921-930A-4D2F-8CAB-7D1FD59C13DD.jpeg

Bhí deis againn píosa siopadóireachta a dhéanamh sula ndeachaigh muid ar aghaidh go Camp Nou. Imeacht iontach eile a bhí ann a thaitin go mór le roinnt dár bpeileadóirí.

4FE607E1-5A64-4865-A652-475D2C8E569D.jpeg

Tá go leor greamán nua anois i gCamp Nou, buíochas le daltaí CGNM áirithe!

0B30B404-2B06-4E86-BF64-D4DF4F00D68F.jpeg

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le daltaí na hidirbhliana as an meon iontach a léirigh siad le linn na seachtaine ar fad; an iompar eiseamláireach agus an méid buíochais a ghabh siad lena gcaomhnóirí fud fad na seachtaine. Seachtain den scoth a bhí ann, mar gheall oraibhse agus bhur gcomhluadar. Ar ndóigh, buíochas speisialta le Múinteoirí Cian, Cillian, Michelle, Niamh, Philip, Róisín, Rónán agus Mamaí an turais, Yvonne, as ucht aire den scoth a thabhairt do na daltaí go léir ó thús deiridh.

Turas 2024 le fógairt an tseachtain seo chugainn! Meas sibh cá háit eile a rachaidh muid?

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thurais scoile CGNM roimhe seo, cliceáil anseo.

Turas na Mara ar Twitter: https://twitter.com/TurasNaMara

Feabh 04
2025
Bréagscrúduithe/Mocks (Bliain 3 agus 6)
Feabh 06
2025
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 2)/Parent Teacher Meetings (2nd Year)
Feabh 17
2025
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Feabh 27
2025
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 3)/Parent Teacher Meetings (3rd Year)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara