Coláiste Ghlór na Mara

Seaimpíní Cispheile (Cailíní)!

13-Bealtaine-22
Seaimpíní Cispheile (Cailíní)!

An corn á thabhairt abhaile ag Cailíní Bliain 1: Seaimpíní Cispheile Bhaile Átha Cliath 2022!

Comhghairdeas ó chroí le foireann chispheile na gcailíní ó Bhliain 1 a bhain éacht mhór mhillteach amach sa chluiche corn cispheile i mbliana in éadan Choláiste Éamann Rís chun an cluiche a bhuachaint! Gaisce iontach agus spiorad dochreidte léirithe ag na cailíní agus a mbainisteoir, Síofra Nic Mhánais i mbliain 4!

Throid an fhoireann ar fad go dian, ach go háirithe na laochra imeartha seo a leanas: Grace Ní Mhuiris, Niamh Nic Críosta agus Ali Ní Ní Chaomhánaigh. An scór deiridh ná 20-15.

Míle buíochas le lucht bainistíochta na foirne; Múinteoirí Fiona, David agus Síofra Nic Mhánais i mbliain 4.

Ba é seo an chéad uair i stair na scoile go raibh an bua ag foireann chispheile na gcailíní!

Seaimpíní Cispheile (Cailíní)!Seaimpíní Cispheile (Cailíní)!Seaimpíní Cispheile (Cailíní)!Seaimpíní Cispheile (Cailíní)!
Bealt 16
2025
Searmanas na hIdirbhliana/TY Graduation Ceremony
Bealt 20
2025
Searmanas na Séú Bliana/6th Year Graduation Ceremony
Bealt 26
2025
Scrúduithe an tSamhraidh/Summer Exams
Meith 04
2025
Scrúduithe Stáit/State Examinations (Bliain 3 agus 6)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara