Coláiste Ghlór na Mara

Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022

28-Deireadh Fómhair-22
Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022

Muintir Uí Mhaonaigh ag glacadh le seic ó Choláiste Ghlór na Mara ar son Taighde MND

Nuacht an Téarma

Ní féidir a shéanadh ach go raibh téarma gnóthach, cruthaitheach agus fiúntach ag Coláiste Ghlór na Mara. Féach thíos físeán de na buaicphointí a bhain leis an téarma dochreidte seo:

Bhí daltaí uile na scoile rannpháirteach in imeachtaí seachtain na folláine agus seachtain mhata an tseachtain seo chaite. Míle buíochas leis na baill foirne a d'eagraigh na seachtainí dochreidte seo.

D'fhreastail na ranganna bitheolaíochta ó Bhliain 6 ar cheardlann eiceolaíochta i bPáirc Tayto agus chaitheadar tráthnóna álainn ina dhiaidh sin sa pháirc téama. D'fhreastail an bhliainghrúpa go léir ar thuras comrádaíochta in Ionad Eachtraíochta Tanagh, i gCo. Mhuineacháin. Bhí meascán imeachtaí ar siúl acu - lán le láib, láib agus breis láibe! Bhí an-spraoi acu agus iad ag fanacht thar oíche. Cad a tharla do Sarah i seomra 3, áfach? Sin í an cheist…

Bhí roinnt imeachtaí ag Bliain 6 a bhain le cúrsaí acadúla, freisin; ag freastal ar Macbeth don chúrsa Béarla agus An Triail don chúrsa Gaeilge, Higher Options san RDS agus ceardlann staidéir anseo ar scoil. Leis na réamh-bhréagscrúdaithe ar an mbealach, is féidir a rá nach mbeidh an chéad téarma eile chomh spraíúil céanna do Bhliain 6 bocht!

Tá Bliain 5 ag socrú ar ais isteach chuig cúrsaí staidéir i ndiaidh Idirbhliain dochreidte a bheith acu. Thug siad cuairt ar taispeántas do Seamus Heaney le déanaí i mBaile Átha Cliath a chabhróidh go mór lena dtuiscint ar an rang Béarla.

Freisin, bhí searmanas álainn againn le déanaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheán Ó Cróinín a bhuaigh bonn cré-umha i gcluichí Oilimpeacha na nÓg le linn an tsamhraidh.

Chuaigh an Idirbhliain go Colásite Uisce i Maigh Eo an mhí seo caite ar feadh dhá oíche thar a bheith taitneamhach. Chaith siad lá iomlán an tseachtain seo ag léim ó chrann go crann ar ziplínte agus chuaigh grúpa dlí chuig na cúirteanna i dTeach Laighean le haghaidh cás bréagach!

Tá an bhliain ag obair go crua faoi láthair ag ullmhú don chéad tréimhse taithí oibre tar éis an briseadh lár-téarma. D'eagraigh An Idirbhliain ócáid iontach do bhliain 1 d'arbh ainm Bob nó Bia ar son Temple Street agus tháinig pobal na scoile ar fad le chéile chun tacú leis an ócáid seo.

Chuaigh Bliain 4 freisin ar thuras go Páirc Tayto, áit a bhfuair siad ardmholadh maidir lena gcuid iompair ó mhuintir na páirce.

Rinne an grúpa ar fad cúrsa garchabhrach, d'eagraigh siad bliots peile do Bhliain 1 agus chuaigh cuid acu go Páirc an Chrócaigh agus chas siad le hiaruachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, mar pháirt den gclár Jigsaw.

Ar ndóigh, tá an rang ceoldrámaíochta ag obair go dian chun seó ollmhór a chur ar stáitse ar 21ú agus 22ú Márta 2023. ‘Breáthacht agus an Brúid’ a bheidh ann agus beidh Lillyann Ní Sheibhleáin mar Belle, Conor Ó Crulaoich mar Gaston, Senan Ó Cuinn mar Brúid, Charlie Ó Catháin mar Lumiere, Noel Ó Muiris mar Cogsworth, Tadhg Ó Raghallaigh mar Maurice, Hannah Ní Mhordha mar Mrs Potts, Alex Ní Shlataire mar Vardrús agus Aoibhinn Ní Ghrádaigh mar Fifi. Tá 61 daltaí san ensamble agus tá ceol binn ón seó iontach Disney seo le cloisteáil ar phasáistí na scoile.

Maidir le Bliain 3, bhí ceardlann staidéir acu an téarma seo. Bheadh sé go hiontach níos mó daltaí a fheiceáil ag staidéar maoirsithe ina dhiaidh an briseadh.

Tá na ranganna adhmadóireachta, ealaíne, teicneolaíochta agus eacnamaíocht bhaile ag obair go dian ar a dtionscnaimh phraiticiúla don tSraith Shóisearach.

D’éirigh le cailíní Bliain 3 a imríonn le Naomh Maur bua a bhaint amach i gcomórtas faoi 15 BÁC i gcoinne Fingallians. Beidh Luca Cailloce ag imirt ar son na hÉireann sa Victory Shield i bPort Láirge i rith an briseadh meán téarma. Bhí Eoin agus Liam Ó Domhnaill páirteach i gcomórtas rianadóireacht ar son na scoile anuas ar imirt ar son na hÉireann.

Bhí Bliain 2 dochreidte maidir leis an gcúnamh go léir a thug siad leis an oíche oscailte i Mí Mheán Fómhair. Bhí comórtas ranga ar siúl idir ranganna Bliain 2. Ba iad Cú Chulainn na buaiteoirí agus bhí cóisir phíotsa agus scannáin acu le Múinteoir Fionnuala. Bhí foireann na gcailíní O'Dwyers faoi 13 & 14 ar thuras i bPáras le déanaí. Bhí cuma iontach air! Ghlac Eoin Reamóinn páirt sa ‘National Youth Assembly on Artificial Intelligence’ le déanaí. Roinn sé a chuid smaointe maidir leis na rudaí a bhíonn ag déanamh imní do dhaoine óga agus thug sé moltaí. Beidh sé páirteach i dtionól eile i Mí na Samhna. Tháinig Liam O Domhnaill sa chéad áit i dtreodóireacht sa Chraobh Laighean. Idir báisteach, ceo agus tír-raon creagach, rinne sé a bhealach timpeall agus d'éirigh leis.

Bhí téarma an-ghnóthach ag Bliain 1 an téarma seo, freisin. Thosaigh siad amach leis an gclár 'Tús Maith' i Mí Meán Fhómhar le cabhrú leo socrú isteach agus aithne a chur ar a chéile chomh maith lena gcuid múinteoirí.

Eagraíodh neart imeachtaí do Bhliain 1 chomh maith, le turas chuig an trá, bliots peile agus Tráth na gCeist Mata ina measc. Bhí cultacha Oíche Shamhna dochreidte á gcaitheamh acu inniu agus tá siad tar éis cuir go mór le spiorad na scoile.

Nuacht Spóirt

Tús iontach déanta ag na foirne sacair i mbliana.

Beidh dhá fhoireann sacair cailíní againn don chéad uair riamh i mbliana. Táimid ag tnúth leis na cluichí ina dhiaidh an bhrisidh agus beidh traenáil acu ar an astro i mBaile Brigín ar an Aoine 11/11/2022 ag 13:30.

Bhuaigh an fhoireann bhuachaillí faoi 19 a gcéad dhá cluichí i gComórtas Laighean i mbliana.

Coláiste Ghlór na Mara 6-1 Cabra C.C

Coláiste Ghlór na Mara 10-0 Coláiste Mhuire

Bhuaigh an fhoireann faoi 17 a gcéad cluiche i gcomórtas Laighean chomh maith.

Coláiste Ghlór na Mara 9-0 Coláiste Mhuire

Bhí bua den scoth ag an bhfoireann faoi 15 in am breise i gcoinne New Cross College, Finglas.

Coláiste Ghlór na Mara 4-3 New Cross College

Peil Gaelach Faoi 19

Coláiste Ghlór na Mara 3-6 Ardgillan 1-6

Peil Ghaelach buachaillí Faoi 14

Bua cuimsitheach againn in aghaidh HFCS Rathcoole le scór de 6-13 i gcoinne 1-3. Thug na buachaillí fior-thaispeántas.

Iomáint Faoi 16

Tá an fhoireann faoi 16 tríd go dtí an ceathrú craobh sóisir.

Dhá bua den scoth acu go dtí seo.

Coláiste Ghlór na Mara 5:19 – 4:3 Pobalscoil Neasáin

Coláiste Ghlór na Mara 10:13- 4:6 Old Bawn CS

Cispheil na mBuachaillí

Tá 5 as 5 chluiche buaite ag buachaillí Faoi 19. Ní féidir stop ar bith a chur ar an bhfoireann seo! Tá cluiche leathcheannais BÁC le himirt ar an 26ú Samhain.

Tá ag éirí go maith le buachaillí Faoi 16 agus iad ag dul i bhfeabhas. Táimid ag súil go mbeidh cluiche ceathrú-ceannais le himirt i ndiaidh an bhriseadh meán-téarma.

Searmanas Dalta an Téarma

Ag searmanas Dalta an Téarma, bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh Bhean Uí Mhaonaigh mar aoi speisialta. Ghlac sí le seic ó Choláiste Ghlór na Mara de €1,100 a d’ardaigh foireann agus daltaí na scoile ar son Taighde MND. Is é John Ó Maonaigh, Ardchinnire na scoile, a bhí mar bhainisteoir taobh thiar den togra go ngléasfadh an scoil go léir in éadaí na carthanachta agus tá pobal uile na scoile fíorbhródúil as. D'fhógair Príomhoide Maedhbh go mbeidh an ócáid speisialta seo mar ócáid bhliantúil anois i gColáiste Ghlór na Mara.

Daltaí an téarma

Bliain 2:

Setanta - Grace Ní Mhuiris

Oscar - Poppy Ní Aimheirgín

Cú Chulainn - Mila Heyl

Bóirimhe - Eoin Ó Lideadha

Bliain 3:

Connacht — Daniel Drenzjak

Laighean — Luke Thunder

Uladh — Siobhán Nic Chionnaith

Mumhan — Cathal Mac Conchra

Bliain 4:

Craobh Rua — Aoibheann Ní Ghrádaigh

Dé Danann — Faye Wardell

Hy-Brasíl —Lani Ní Phlanda

Na Fianna —Hannah Ní Mhórdha

Bliain 5:

Ailill —Molly Ní Nualláin

Cú Roí — Cathal Mac Aoidh

Bliain 6:

Banba — Sorcha Nic Giolla Rua

Ériú — Aoife Cinsealach

Fódhla — Cian Ó Ceallacháin

Bliain 1:

Gailbhia —Sam Ó Coistealla

Danú —Róisín Ní Chionnaidh

Macha —Aoibheann Ní Chonchra

Teamhair — Luke Ó Flanagáin

Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022Dalta an Téarma - Deireadh Fómhair 2022
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara