Múinteoir Emer lena tuismitheoirí bródúla, Príomhoide Maedhbh agus Múinteoir Bláithín
Bhí searmanas álainn ar scoil inniu againn chun ceiliúradh a dhéanamh ar Mhúinteoir Emer agus Foireann Bhaile Átha Cliath a bhuaigh Craobh na hÉireann i bPeil na mBan i mbliana.
Bhí aoi an-speisialta againn i gCGNM don ócáid - Brendan Martin, agus bhí deis againn go léir ár bpictiúr a fháil leis. Chuir Síofra agus Caoilainn ceisteanna iontacha ar Mhúinteoir Emer le linn agallaimh os comhair na scoile uile agus labhair Múinteoir Emer faoina taithí ag imirt leis na Dubs.
Míle buíochas chomh maith dár gcóiste eagrúcháin - Múinteoir Sinéad, Alanna Ní Lochlainn, Laoise Ní Mhurchú, Niamh Bush, Holly Ní Ruairc, Lilly Nic Mhánais agus Siobhán Nic Cana a d’eagraigh ócáid álainn.