Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin: Calum Mac Domhnaill

07-Feabhra-24
Cinnire Céadaoin: Calum Mac Domhnaill

Calum Mac Domhnaill agus a chomhchinnirí

Tagann an chéad chinnire eile chugainn le roinnt focal críonna - mholfainn go mór iad a léamh, lucht na chéad bhliana! Is cinnire é Calum Mac Domhnaill a oibríonn le cinnirí eile na chéad bhliana chun cabhrú leo iad a shocrú isteach sa scoil agus barr a gcumais a bhaint amach - mar atá déanta aige féin.

Ainm: Calum Mac Domhnaill

Aois: 18

Comhartha an Zodiac: Saggitarius

Ceoltóir / Banna ceoil is fearr leat: Sean Millis

An spórt is fearr leat: Sacar

An foireann spóirt is fearr leat: Liverpool

An t-ábhar scoile is fearr leat: Staidéar Foirgníochta nó Corpoideachas na hArdteiste

An t-ábhar scoile is measa duit: Spáinnis

An duine a thugann spreagadh duit: Múinteoir Seosamh

Cá fheiceann tú tú féin i gceann 5 bhliain: Ag múnadh i mbunscoil lán-Ghaeilge

Cén fáth ar chur tú isteach ar an bpost mar chinnire?

Bhí suim agam sa post seo nuair a chonaic mé mo dheirfúir mar cinnire 2 bhliain ó shin. Chomh maith leis sin, bhí mé ag iarraidh cabhrú leis na daltaí sóisearacha socrú isteach agus pas a fháil isteach chuig seomra na gcinnirí.

Conas mar a bhí do bhliain mar chinnire go dtí seo (na buaicphointí, na rudaí deacra srl)?

Táim ag baint an-suilt as go dtí seo ach tá deacrachtaí dom a bheith ag díriú ar mo ról mar chinnire agus muid ag druidim na hArdteiste.

Dá bhféadfá labhairt leat féin i mBliain 1 arís, cad iad na moltaí go dtabharfá duit féin?

Píosa níos mó stadéir a dhéanamh , níos lú cainte sna seomraí ranga agus éisteacht sa ranganna. Caint le níos mó daoine agus iarracht a chur isteach cairde eile nua a dhéanamh.

Cad iad na moltaí atá agat d’éinne a bhfuil ag iarraidh bheith mar chinnire amach anseo?

Mholfainn go mór é dá mbeinn i do bhróga. Is ról iontach tábhachtach é, ach freisin, is ról maith é chun a bheith níos cóngairí le foireann mhúinteoireachta agus bainistíochta na scoile agus leis na daltaí chomh maith.

Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara