Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin (Kelli)

11-Eanáir-23
Cinnire Céadaoin (Kelli)

Kelli, Cinnire Scoile 2022-2023

Is scoláire iontach í Kelli Ní Chárthaigh. Cailín múinte, béasach atá inti. Tá Kelli ag baint an-sult as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire scoile.

Tá Kelli i Rang Éiriú. Tá deartháir níos óige ag Kelli sa 4ú bliain, Cian, agus chomh maith leis sin bhí a deartháir, Evan, sa rang Ardteiste anuraidh. Is scoláirí iontacha iad ar fad a chuireann go mór leis an scoil.

Luaigh Kelli liom go bhfuil Bliain 6 thar a bheith dian, dúshlánachach agus deacair, ach tá sí ag baint an-taitnimh as cúrsa na hArdteiste. Is breá le Kelli an dúshlán a bhaineann leis. Luaigh sí liom go bhfuil an díocas uirthi i mbliana agus déanfaidh sí a míle dícheall barr a cumais a bhaint amach.

Deir Kelli gur breá léi na gníomhaíochtaí go léir sa scoil cosúil le ceol spóirt agus go bhfuil na háiseanna den chéad scoth againn anseo i gColáiste Ghlór na Mara cosúil leis an seomra aclaíochta agus halla spóirt etc. Dúirt sí liom go bhfuil an-luí aici leis an scoil agus an eitic atá inti; atmaisféar spraíúil, cairdiúil agus cabhrach agus meon iontach dearfach atá i gColáiste Ghlór na Mara.

Bhí focal faoi leith ag Kelli do Mhúinteoir Honor. Luaigh Kelli liom go bhfuil sí chomh tuisceanach, foighneach, cairdiúil agus cabhrach leis na scoláirí. Is léir go bhfuil ardmheas ag Kelli ar Honor agus í ag rá gur múinteoir agus duine iontach í.

Tá suim mhór ag Kelli sa spórt. Díreach ar nós Cian and Evan. Is breá léi an chispheil agus an Pheil Ghaelach! Is é Micheal Jordon na t-imreoirí is ansa léi. Is iad an Stair agus an Ghaeilge na hábhair is fearr le Kelli. Dar le Kelli chomh maith gur Ceannaire Bliana den scoth í Múinteoir Katie.

An chloch is mó atá ar phaidrín Kelli i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara