Coláiste Ghlór na Mara

Ceoldráma

Ceoldráma

Cúis bhróid don scoil í an ceoldráma bliantúil, curtha i láthair ag an Idirbhliain le stiúradh ár múinteoirí ceoldrámaíochta. Léiríodh ár gcéad cheoldráma sa bhliain 2018, agus tá an tionscnamh ag dul ó neart go neart ó shin.

Bunaítear an ceoldráma ar theidil cháiliúla ó Broaday/The West End ach cuireann muid ár stampa áitiúil orthu i gcónaí, in éineacht le haistriúcháin iomlán go Gaeilge; na hamhráin san áireamh.

Cuirtear fáilte Uí Cheallaigh gach bliain roimh na bunscoileanna lán-Ghaeilge áitiúla chun leagan aois-oiriúnach den léiriúcháin a fheiceáil ar stáitse, i rith an lae. Chomh maith leis sin, cuirtear seó lae ar siúl do dhaltaí meánscoile a bhfuil dúil acu a gcuid Gaeilge a chleachtadh taobh amuigh dá seomraí ranga féin. Buaicphointe an tionscnaimh, áfach, ná na seónna oíche. Tugtar deis do na haisteoirí agus amhránaithe bliain iomlán oibre a léiriú dá muintir ar stáitse na scoile, le soilse, ceamaraí agus atmaisféar draíochta timpeall orthu.

I ngach léiriúcháin atá déanta ag Coláiste Ghlór na Mara go dtí seo, chríochnaigh an seó deireanach leis an lucht féachana ina seasamh chun bualadh bos a thabhairt do na haisteoirí agus do na hamhránaithe. Críochnaíonn an tionscnamh le cuimhní iontacha a fhanann leis na daltaí go deo.

Léiriúcháin go dtí seo:

2021: 'Siar Chuig na 80í' (Gearrscannán, de bharr srianta COVID19)

Screenshot 2021-04-08 at 11.23.56 p.m..png

2020: 'Grease Beo go Deo'

grease 5.jpeg

2019: 'Sister Acht'

sister acht 2.jpeg

2018: 'Mamma Mia: Stíl Bhaile Brigín'

mamma mia 4.jpeg

No events found
Gradaim Bhliain 6 2021:   Ba mhór an onóir dúinn gradaim Bhliain 6 2021 a bhronnadh ar Rang Setanta agus Rang Cú Chulainn
Siar Chuig na 80í: An Gearrscannán: Lean ar Rang na Bliana 1987 ó Choláiste Ghlór na Mara agus iad anois fásta
Gradaim na hIdirbhliana 2021: Ba mhór an onóir inné do Mhúinteoirí Andrea (Comhordaitheoir Cláir), Katie (Ceannaire
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2021 Coláiste Ghlór na Mara